John Ó Liodáin, Oifigeach Riaracháin (Administrative Officer)

Last updated: 22 Jun 2023, 13:20

John Ó Liodáin, an administrative officer, speaking with his name and title displayed in text overlay.

Oideachas:

BCL Dlí agus Nua-Ghaeilge, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad

Fostóir:

An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe

Post:

Oifigeach Riaracháin

Thosaigh mé mo shaol oibre mar theagascóir le hOllscoil an Léinn Iasachta, Béising sa tSín. Tar éis dom filleadh ar Éirinn thosaigh mé ag obair leis an gceanneagraíocht, Conradh na Gaeilge, mar fhorbróir ilmheán PEIG.ie. Bhí bliain an-spéisiúil agam agus ag Conradh na Gaeilge ag forbairt an ardáin, atá beo ar líne anois. Tar éis tamaill, chuir mé isteach ar ardú céime san eagraíocht agus fuair mé ról mar fheidhmeannach ilmheán agus lárphointe feasachta leis an eagraíocht chéanna. Bhí an dá phost dúshlánach ach bhí an obair a rinneamar thar a bheith suimiúil. Ansin, bhraith mé go raibh dúshlán nua de dhíth orm agus is oifigeach riaracháin anois mé leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Bhí sé riamh ar intinn agam seal a chaitheamh sa státseirbhís agus fógraíodh comórtas d’oifigigh riaracháin i mí Mheán Fómhair 2015. Bhí an próiseas earcaíochta sách fada idir triail inniúlachta ar líne, cur i láthair ar réimse de pholasaí ar leith agus lean agallamh le státseirbhísigh shinsearacha na céimeanna sin. Ceapadh mé ina dhiaidh sin agus seachtain níos déanaí ceapadh mé sa roinn reatha ina bhfuilim ag obair.

Níl ann do ghnáth-sheachtain oibre sa státseirbhís; ról ilghnéitheach atá. Seachtain amháin, d’fhéadfainn a bheith ag díriú isteach ar anailís ar pholasaí, ag breathnú ar chothromaíocht inscne nó ar acmhainní daonna nó d’fhéadfainn a bheith ag taisteal timpeall na tíre ag eagrú comhdhálacha agus seisiúin eolais ar mhaithe le rannpháirtíocht a spreagadh. Nó d’fhéadfainn a bheith i mbun tuarascáil a chomhordú, idir an t-eolas a tharraing le chéile, é a scríobh agus é a sheoladh.

Is cinnte go raibh an Ghaeilge ina buntáiste i mo shaol oibre go dtí seo. Bhí sé de phribhléid agam a bheith ag obair trí mheán na Gaeilge tar éis an choláiste a fhágáil ar feadh trí bliana. Ach anuas air sin, thug an Ghaeilge deis dom scileanna nua a fhorbairt idir scileanna teicneolaíochta, riaracháin agus teagaisc sna rólanna éagsúla a bhí agam. Cé nach bhfuil an Ghaeilge mar theanga laethúil oibre agam i mo phost reatha, is iontach an rud é a bheith aitheanta mar dhuine a bhfuil Gaeilge aige. Cruthaíonn sé dea-thoil mar go léiríonn sé go bhfuil ar chumas na hoifige seirbhís a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.

gradireland editorial advice

This describes editorially independent and impartial content, which has been written and edited by the gradireland content team. Any external contributors featuring in the article are in line with our non-advertorial policy, by which we mean that we do not promote one organisation over another.

People reading this also searched for roles in these areas:

undefined background image

We've got you

Get the latest jobs, internships, careers advice, courses and graduate events based on what's important to you. Start connecting directly with top employers today.