Aistriúchán Closamhairc

Do Chúrsa
Is comhpháirtíocht é an clár seo idir OÉ Gaillimh agus Táirgí Media Idirnáisiúnta (TMI)—ceann de na gnólachtaí fotheidealúcháin/aistriúcháin closamhairc is bisiúla in Éirinn trí chéile. Is é aidhm an chláir oiliúint i ngnéithe den aistriúchán don scáileán, ar a n-áirítear fotheidealúchán idirtheangach, fotheidealúchán inteangach, fotheidealúchán beo, aistriúchán scripteanna don teilifís, tráchtaireacht fuaime, seirbhísí rochtana do chomhdhálacha, a chur ar rannpháirtithe. Tá an cúrsa seo dírithe ar dhaoine ar spéis leo teangacha go ginearálta, an t-aistriúchán agus rochtain fhairsing a bheith ag an bpobal trí chéile ar sheirbhísí teilifíse agus ilmheán. Bainfidh daoine ar mhaith leo oibriú go gairmiúil i réimse an aistriúcháin closamhairc, go háirithe, tairbhe as an gclár seo. Is í an Ghaeilge teanga theagaisc an chláir, agus is ar phríomhchampas na hOllscoile i gCathair na Gaillimhe a reáchtálfar é.

Entry requirements

Riachtanais Iontrála
Bunchéim 2:2 (leibhéal 8), nó 2:2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar. Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu ach a bhfuil cúig bliana de thaithí ghairmiúil acu iarratas a dhéanamh faoin gcóras don Aitheantas don Réamhfhoghlaim.

Application dates

DÁTA DEIREANACH:
3 Meán Fómhair 2023

Duration

Aon bhliain amháin.

Post Course Info

Deiseanna Gairme
Agus méadú ag teacht ar na dualgais atá ar eagraíochtaí craolacháin i dtaca leis an inrochtaineacht, tá gá le tuilleadh daoine a bhfuil a bhfuil scileanna maithe acu sna gnéithe éagsúla den aistriúchán closamhairc. Beidh poist le fáil i stáisiúin chraolacháin, i ngnólachtaí fotheidealúcháin/aistriúcháin closamhairc. Baineann deiseanna maithe cianoibre leis an réimse seo freisin.

More details
  • Qualification letters

    MA

  • Qualifications

    Degree - Masters (Level 9 NFQ)

  • Attendance type

    Full time,Daytime

  • Apply to

    Course provider