Ateangaireacht Chomhdhála

Do Chúrsa
Déanfar staidéar ar an dá chineál ateangaireachta: ateangaireacht leantach agus ateangaireacht chomhuaineach. Bainfear úsáid as cleachtaí éagsúla chun oiliúint sna scileanna seo a chur ar mhic léinn: cleachtaí cuimhne; ateangaireacht gan nótaí; ateangaireacht le hamharc; teicnící um breacadh nótaí agus ateangaireacht chomhuaineach le script. Bainfear úsáid as an taisclann institiúide agus scrúdófar na hardáin nua um chianateangaireacht atá ag teacht chun cinn. Is iad an Ghaeilge, an Béarla, an Fhraincis, an Spáinnis, an Iodáilis agus an Ghearmáinis atá á dtairiscint mar theangacha an chúrsa seo. Déanfar staidéar ar theoiric agus cleachtas na hateangaireachta, áit a ndíreofar ar scileanna cumarsáide, e.g., glóroiliúint. Scrúdófar an eitic phroifisiúnta a bhaineann leis an gceird seo freisin, mar aon le nósanna imeachta comhdhála, cleachtais oibre agus dálaí oibre.

Entry requirements

Riachtanais Iontrála
Beidh céim onóracha 2.2 chomh maith le:
• Sárchumas labhartha ina máthairtheanga ag iarrthóirí;
• Sárchumas tuisceana ina dteangacha oibre;
• Sárscileanna cumarsáide;
• Spreagadh láidir.

Application dates

CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH:
Níl aon dáta deiridh leagtha síos ag OÉ Gaillimh maidir le glacadh le hiarratais (seachas i gcásanna eisceachtúla). Eiseofar tairiscintí ar bhonn leanúnach. Cuirtear ina luí ar iarratasóirí iarratais a dhéanamh chomh luath agus is féidir.

Duration

Dioplóma Iarchéime, bliain acadúil amháin; MA, bliain iomlán féilire (Meán Fómhair go Lúnasa).

Post Course Info

Deiseanna Gairme
Is gá cáilíocht iarchéime ateangaireachta a bheith bainte amach agat chun na scrúduithe idir-institiúideacha AE a dhéanamh agus tabhairt faoin obair ghairmiúil. Tá poist mhaithe ateangaireachta le fáil ar fud an domhain: éilítear seirbhísí ateangaireachta ag comhdhálacha, tionóil agus féilte. Tá céimithe an chúrsa ag obair in institiúid an AE agus na NA chomh maith le hinstitiúidí móra eile go hidirnáisiúnta chomh maith le tithe an Oireachtais anseo in Éirinn.

More details
  • Qualification letters

    MA/PDip

  • Qualifications

    Postgraduate Diploma (Level 9 NFQ),Degree - Masters (Level 9 NFQ)

  • Attendance type

    Full time,Daytime

  • Apply to

    Course provider