Ghaeilge
Réamhrá
Is é is cuspóir don chúrsa múinte iarchéime seo ná freastal ar chéimithe Gaeilge a bhfuil caighdeán ard Gaeilge acu agus fonn orthu breis staidéir a dhéanamh ar theanga agus litríocht na Gaeilge. Cuirfidh mic léinn an chúrsa seo go mór lena gcuid eolais ar phríomhréimsí léinn na Gaeilge agus chomh maith leis sin beidh seans acu cur leis an scil atá acu sa teanga féin.
Príomhghnéithe
Is cúrsa bliana atá san MA sa Ghaeilge agus beidh a sé mhodúl as na cinn atá liostaithe thíos le déanamh ag mic léinn (dhá thráthnóna sa tseachtain) agus miontráchtas le déanamh ar ábhar a bheidh gaolmhar le hábhair na modúl le críochnú faoi dheireadh mhí Lúnasa.
Bíonn aistí taighde le déanamh i rith an téarma, scrúduithe ag deireadh an dá théarma agus miontráchtas le críochnú faoi dheireadh mhí Lúnasa.
Baintear úsáid as na gnáthachmhainní teicneolaíochta ar nós Moodle etc. chun tacú le mic léinn tríd síos.
Is féidir le mic léinn a chríochnaíonn an MA sa Ghaeilge dul ar aghaidh chun an chéim PhD a dhéanamh agus post a fháil ag an tríú-leibhéal nó fostaíocht a fháil i réimsí an oideachais, an aistriúcháin agus na hiriseoireachta.
Subjects taught
Is féidir an cúrsa seo a dhéanamh go lánaimseartha (bliain amháin) nó go páirtaimseartha (dhá bhliain). Beidh 6 mhodúl as na cinn seo thíos le déanamh ag mic léinn (dhá thráthnóna sa tseachtain) agus beidh miontráchtas le déanamh ar ábhar a bheidh gaolmhar le hábhair na modúl.
Is iad príomh-mhodúil an chúrsa ná:
•An Nua Litríocht I agus Nua Litríocht II
•Sochtheangeolaíocht na Gaeilge
•An Béaloideas
•Litríocht an 17ú agus an 18ú hAois
•Litríocht na Sean-Ghaeilge
•Léann an Aistriúcháin
•An Litríocht Chlasaiceach
Entry requirements
De ghnáth bíonn Céim sa Ghaeilge le 2.2 ar a laghad ag teastáil le go mbeadh duine cáilithe chun tabhairt faoin MA sa Ghaeilge.
Application dates
Tá iarratais dúnta anois
Duration
1 year full-time or 2 years part-time
Enrolment dates
How To Apply
Download and complete the application form from "Application Weblink" below.
Téigh i dteagmháil leis an Dr Breandán Ó Cróinín sa chéad áit agus tar éis an clár a phlé leis is féidir leat an fhoirm iarratais iarchéime a líonadh agus í a chur isteach leis an táille cuí.
Déan an fhoirm iarratais a íoslódáil agus a líonadh isteach thios.
• Ní mór dod' thrascríbhinní ollscoile a bheith mar chuid den fhoirm iarratais chomh maith.
Íoc an táille iarratais anseo, agus seol an fhoirm iarratais trí ríomhphost go: Admissions@mic.ul.ie nó tríd an bpost chuig: Oifig na nIontrálacha, Coláiste Mhuire gan Smál, An Cuarbhóthar Theas, Luimneach, Éire, V94 VN26.