Oideachas Lán-Ghaeilge & Gaeltachta
Réamhrá
Ar 28 Márta 2018, d'fhógair Richard Bruton TD, an tAire Oideachais agus Scileanna, gur éirigh le tairiscint Choláiste Mhuire gan Smál chun clár nua san oideachas lán-Ghaeilge ar leibhéal iarchéime—an M Oid san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta—a sholáthar. Is clár foghlama cumaisc nuálach, trasearnála a atá ann. Tá an clár seo maoinithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna mar chuid de chur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022. Íocann rannpháirtithe €400 in aghaidh na bliana.
Príomhghnéithe
Sainaithníodh in go leor staidéar dúshláin a bhíonn le sárú chun oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a chur i bhfeidhm go rathúil, go háirithe dúshláin a bhaineann le sealbhú na tumtheanga agus leis an gcleachtas oideolaíoch. Idir uathúil agus chasta atá an bonn eolais agus na scileanna oideolaíocha atá ag teastáil do sheomraí ranga an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
Tá an clár iarchéime, trasearnála seo, an M Oid san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, ag freastal go sonrach ar shainriachtanais um fhorbairt ghairmiúil agus ar inniúlachtaí teangeolaíochta na múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge, ar a n-áirítear príomhoidí, lastigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Céim eile i gcur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 is ea an clár oideachais múinteoirí seo.
Aidhmeanna & Cuspóirí
Seo a leanas aidhmeanna an chláir:
Barr feabhais i gcáilíocht an teagaisc agus na foghlama san oideachas lán-Ghaeilge agus san oideachas Gaeltachta a chur chun cinn.
Eolas, scileanna gairmiúla agus taighde sa réimse a fhorbairt agus a chraobhscaoileadh.
Idirchaidreamh agus líonraí nuálaíochta, imeasctha agus feabhsúcháin sa tumoideachas a chothú, a shaibhriú agus a bhuanú.
Trí leas a bhaint as cleachtais atá bunaithe ar fhianaise agus as teagasc atá spreagtha ag sonraí, cruthaítear timpeallacht foghlama ina bhféachtar agus ina ndéantar saibhriú ar oideolaíochtaí agus ar dhea-chleachtais dírithe ar an tumoideachas agus ar an oideachas Gaeltachta agus ar na réamhriachtanais teanga a bhaineann leo sin. Bíonn deiseanna foghlama ardchaighdeáin éagsúla faoi thionchar an ábhair agus an phobail (deiseanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla, pearsanta agus gairmiúla, comhoibríocha agus ar bhonn aonair, bunaithe sa scoil agus lasmuigh den scoil) ag na rannpháirtithe lena gcuirtear chun cinn rannpháirtíocht dhomhain, foghlaim fhéinstiúrtha, anailís agus machnamh criticiúil.
Subjects taught
Déantar an clár seo a sheachadadh trí mheascán de dheiseanna foghlama ardchaighdeáin saibhre agus éagsúla, ar an láthair féin agus ar líne araon, a thagann le chéile chun feabhas a chur ar thorthaí foghlama na rannpháirtithe. Tá an fhoghlaim chumaisc mar ghné lárnach, i. cuid den chlár curtha ar fáil ar líne agus an chuid eile curtha ar fáil ar láthair deirí seachtaine ar leith (Satharn 9r.n.-5-00i.n.). Cuirtear an clár trasearnála seo ar fáil ar bhonn páirtaimseartha thar thréimhse dhá bhliain acadúla.
Ag tús an chláir, scaiptear ceistneoir anailíse riachtanas ar na rannpháirtithe maidir le hinniúlachtaí teanga agus teicneolaíochta agus le stíleanna agus le roghanna foghlama, agus úsáidtear na sonraí uaidh sin chun bonn eolais a chur faoin ngné a sheachadfar ar líne agus chun an ghné sin a mhúnlú. Cuimsítear leis an gclár seo sraith shoiléir modúl atá fite fuaite lena chéile agus a bhfuil mar aidhm leo an t-eispéireas foghlama do rannpháirtithe a shaibhriú agus a fhairsingiú.
Seimeastar 1 (Bliain 1)
Teagasc agus Foghlaim i gcomhthéacs scoile lán-Ghaeilge agus Gaeltachta (9 ECTS)
An Tumoideachas agus an Dátheangachas (6 ECTS)
Barrchleachtas i suíomhanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge (9 ECTS)
Seimeastar 2 (Bliain 1)
Cleachtais Phleanála agus Mheasúnaithe (9 ECTS)
An Cheannasaíocht agus an Bhainistíocht (9 ECTS)
An Múinteoir lán-Ghaeilge mar Thaighdeoir: Tionscadal Taighde Gníomhaíochta (12 ECTS)
Seimeastar 3: Scoil Samhraidh (Bliain 1)
Peirspictíochtaí Domhanda ar an Tumoideachas (6 ECTS)
Seimeastar 1 (Bliain 2)
Prionsabail agus Cleachtais Taighde san Oideachas (9 ECTS)
Tráchtas 1 (6 ECTS)
Seimeastar 2 (Bliain 2)
Tráchtas 2 (21 ECTS)
I gcás ina mbeidh na riachtanais curtha i gcrích go rathúil ag na rannpháirtithe, beidh Teastas Iarchéime (30 ECTS/Leibhéal 8), Dioplóma Iarchéime (60 ECTS/Leibhéal 9) nó M Oid san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta (96 ECTS/Leibhéal 9) acu ag deireadh an chláir.
Tá ról lárnach sa chlár ag baint leis an staidéar follasach ar an teanga agus ar an bhfoghlaim teanga a bhaineann go sainiúil leis an oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Glactar le prionsabail agus le cleachtais Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha in iarracht chun clár oideachais do mhúinteoirí tumoideachais, ar clár cothromaithe foghlama cumaisc é, a chruthú ina ndírítear ag an am céanna ar theagasc an ábhair agus ar theagasc na teanga/litearthachta. Cuirtear na prionsabail agus na cleachtais CEFR sin in oiriúint, déantar iad a chomhtháthú agus a chur i bhfeidhm maidir le dearadh, forbairt agus seachadadh an chláir iarchéime hibridigh seo. Baintear leas as straitéisí seachadta ar líne (straitéisí aisioncronacha agus sioncronacha) chun tacú leis an bhfoghlaim teanga, agus déantar gníomhaíochtaí cumarsáide ar líne (blaganna, fóraim phlé, gluais theicniúil) a dhearadh chun glacadh, idirghníomhaíocht agus ginchumas a spreagadh agus a shaibhriú ar fud na n-inniúlachtaí teanga ar fad sa Ghaeilge. Cuireann an cur chuige ar líne sin leis na deiseanna saibhrithe teanga ar an láthair atá ceaptha chun an sealbhú teanga agus an fhoghlaim teanga a fhorbairt thar gach inniúlacht teanga, rud a chuireann ar chumas rannpháirtithe dá réir sin scileanna agus inniúlachtaí teangeolaíocha a fhorbairt, a ndul chun cinn a rianú agus caighdeán leibhéal C1 CEFRL a bhaint amach ar chríochnú an chláir dóibh.
Tá na modhanna measúnaithe ábhartha, bríoch agus fóinteach, agus beidh baint acu leis an seomra ranga, leis an scoil nó leis an bpobal tumoideachais/Gaeltachta. Tá siad ailínithe le próisis foghlama na múinteoirí (Cosán, 2016), agus tá rogha áirithe ag na rannpháirtithe ina leith.
Entry requirements
Múinteoirí bunscoile agus iarbhunscoile cáilithe (príomhoidí san áireamh):
•a bhfuil bunchéim ábhartha / Dioplóma Iarchéime san Oideachas/Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas acu ag Leibhéal Onóracha 2.2 nó níos airde atá aitheanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta (Leibhéal 8 - Creat Náisiúnta na gCáilíochtaí)
•atá cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta agus go bhfuil ionduchtú agus promhadh curtha i gcrích acu
•a bhfuil post aitheanta i scoil aitheanta acu
agus
•a bhfuil fianaise acu ar ghnóthachtáil leibhéal B1 CEFRL, i ngach raon inniúlachta Gaeilge (éisteacht, léitheoireacht, idirghníomhaíocht labhartha, ginchumas ó bhéal, scríbhneoireacht) tar éis triail inniúlachta Gaeilge a dhéanamh a bheidh riartha go seachtrach agus an teastas soláthraithe ag "úsáideoir neamhspleách".*
Más mó líon na n-iarrthóirí ná an líon áiteanna ar fáil, beidh tosaíocht ag múinteoirí cáilithe le taithí trí bliana ar a laghad acu mar mhúinteoir agus a chomhlíonann na riachtanais iontrála thuasluaite.
*Cuireann Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) sraith scrúduithe agus cáilíochtaí ar fáil do dhaoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge. Beidh scrúdaithe TEG B1 ar siúl ar na dátaí seo a leanas in 2020:
•9 Bealtaine 2020 (ar fud na tíre, ag brath ar éileamh)
•25 Iúil 2020 (i Má Nuad amháin a bheidh an scrúdú seo á reáchtáil).
Tá eolas ar leith maidir le leibhéil agus scrúdaithe TEG ar fáil ag www.teg.ie.
Glacfar suas le 30 duine ar an gclár sa bhliain acadúil 2022/2023.
Application dates
Glacfar suas le 30 duine ar an gclár sa bhliain acadúil 2022/23.
Cuirtear fáilte roimh iarratais do 2022/2023 anois agus glacfar le hiarratais go dtí an 31 Bealtaine 2022.
Táille: Cliceáil anseo.
Íoc an táille iarratais €50 neamh-in-aisíoctha anseo, agus seol an fhoirm iarratais trí ríomhphost go: TaughtProgrammes@mic.ul.ie.
Déan an fhoirm iarratais a íoslódáil agus a líonadh isteach anseo (English form here).
Ní mór dod' thrascríbhinní ollscoile a bheith mar chuid den fhoirm iarratais chomh maith (tá seans ann go n-iarrfar ar iarratasóirí moltóir amháin nó beirt mholtóirí a ainmniú).
Duration
2 years