Breda Ní Mhaoláin, Aistritheoir, Ateangaire (Translator, Interpreter) Oireachtas

Last updated: 22 Jun 2023, 13:20

Professional portrait of Breda Ní Mhaoláin with text indicating her role as a translator and interpreter.

Oideachas:

BA Gaeilge agus Staidéar Síceolaíochta, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; MA – Staidéar an Aistriúcháin, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; Dioplóma Iarchéime san Ateangaireacht Chomhdhála, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; Dioplóma sa bhFraincis Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Fostaí:

Seirbhís Thithe an Oireachtais

Post:

Aistritheoir – Grád II – Tithe an Oireachtais

Bhain mé MA i Staidéar an Aistriúcháin amach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2006. Ina dhiaidh sin, chuir mé seirbhísí teanga ar fáil ar bhonn féinfhostaithe ar feadh roinnt mhaith blianta mar aistritheoir, mar ateangaire, mar thras-scríobhaí agus mar chomhairleoir teanga. Is ateangaire comhdhála Creidiúnaithe d’Institiúidí an Aontais Eorpaigh mé agus chaith mé seal (2011–2012) mar léachtóir ar an gcúrsa máistreachta san Ateangaireacht Chomhdhála in Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Faoi láthair, is eagarthóir reachtúil mé le Rannóg an Aistriúcháin i Seirbhís Thithe an Oireachtais.

Chuir mé isteach ar chomórtas a bhí fógartha ar líne in 2009 agus rinne mé scrúdú agus agallamh mar chuid den phróiseas earcaíochta. Tháinig cosc ar earcaíocht isteach an bhliain sin ach, ar deireadh thiar thall, tháinig litir ag cur in iúl go raibh post á thairiscint dom. Táim agus obair le Seirbhís Thithe an Oireachtais ó shin.

Faoi láthair táim ag obair mar eagarthóir i Rannóg an Aistriúcháin. Mar aistritheoir, caithfidh tú a bheith fíorchúramach i do chuid oibre agus caithfidh tú a bheith i do shaineolaí ar an ngramadach. Bíonn ort déanamh cinnte go bhfuil chuile fhocal beo ceart agus foighne a bheith agat le gur féidir leat an toradh sin a bhaint amach. Le linn an ghnáth-sheachtain oibre bíonn orm achtanna a chur le chéile, a thiomsú agus a sheiceáil ó thaobh na gramadaí agus na téarmaíochta de leis an rud uilig a thabhairt le chéile. D’fhéadfainn a bheith ar róta leis na teidil fhada do na hachtanna a aistriú agus d’fhéadfainn a bheith ar chúram oíche freisin, nuair a shuíonn na tithe go déanach sna tráthnónta. Chomh maith leis sin, d’fhéadfainn a bheith ag cruinnithe den Choiste Cumarsáide inmheánach.

Is as Conamara dom agus toisc gur tógadh le Gaeilge mé, taitníonn sé go mór liom go bhfuil an deis chéanna agam an Ghaeilge a labhairt anseo i mBaile Átha Cliath. Sna hoifigí i Rannóg an Aistriúcháin bím ag labhairt i nGaeilge chuile lá agus tá úsáid laethúil á baint agam as na réimsí a ndearna mé staidéar orthu.

gradireland editorial advice

This describes editorially independent and impartial content, which has been written and edited by the gradireland content team. Any external contributors featuring in the article are in line with our non-advertorial policy, by which we mean that we do not promote one organisation over another.

People reading this also searched for roles in these areas:

undefined background image

We've got you

Get the latest jobs, internships, careers advice, courses and graduate events based on what's important to you. Start connecting directly with top employers today.