Réamhrá
Is é is cuspóir don chúrsa múinte iarchéime seo ná freastal ar chéimithe Gaeilge a bhfuil caighdeán ard Gaeilge acu agus fonn orthu breis staidéir a dhéanamh ar theanga agus litríocht na Gaeilge. Cuirfidh mic léinn an chúrsa seo go mór lena gcuid eolais ar phríomhréimsí léinn na Gaeilge agus chomh maith leis sin beidh seans acu cur leis an scil atá acu sa teanga féin.
Príomhghnéithe
Is cúrsa bliana atá san MA sa Ghaeilge agus beidh a sé mhodúl as na cinn atá liostaithe thíos le déanamh ag mic léinn (dhá thráthnóna sa tseachtain) agus miontráchtas le déanamh ar ábhar a bheidh gaolmhar le hábhair na modúl le críochnú faoi dheireadh mhí Lúnasa.
Bíonn aistí taighde le déanamh i rith an téarma, scrúduithe ag deireadh an dá théarma agus miontráchtas le críochnú faoi dheireadh mhí Lúnasa.
Baintear úsáid as na gnáthachmhainní teicneolaíochta ar nós Moodle etc. chun tacú le mic léinn tríd síos.
Is féidir le mic léinn a chríochnaíonn an MA sa Ghaeilge dul ar aghaidh chun an chéim PhD a dhéanamh agus post a fháil ag an tríú-leibhéal nó fostaíocht a fháil i réimsí an oideachais, an aistriúcháin agus na hiriseoireachta.