Is iad seo a leanas príomhréimsí taighde na Roinne:
Gearrscéalaíocht na Gaeilge, Teoiricí liteartha, An Nua-Ghaeilge Mhoch, An Nuafhilíocht, Stair na Gaeilge, Canúineolaíocht, Teangeolaíocht, An Rúraíocht, An Fhiannaíocht, Logainmneacha, Gaeilge na hAlban, Litríocht an Seachtú hAois Déag, Béaloideas, Litríocht Chráifeach na Gaeilge, Pailéagrafaíocht. Scríobhtar tráchtas ar ghné de litríocht nó de theanga na Nua-Ghaeilge. Is faoi stiúir Ollamh na Nua-Ghaeilge nó faoi stiúrthóir eile de chuid na Roinne a dhéantar seo.
An tOllamh Ruairí Ó hUiginn
Ar na réimsí spéise atá aige tá teangeolaíocht na Gaeilge, an chomhréir go háirithe, an Ruraíocht, an Fhiannaíocht, Logainmneacha agus ainmneacha pearsanta na Gaeilge.
An Dr Brian Ó Catháin
Réimsí taighde: teangeolaíocht agus sochtheangeolaíocht na Gaeilge, an béaloideas. An Dr Aisling Ní Dhonnchadha Réimsí taighde: próslitríocht na hAthbheochana, stair an ghearrscéil Ghaeilge, irisí liteartha na Gaeilge, téama na himirce sa litríocht.
An Dr Tadhg Ó Dúshláine
Spéis ar leith aige sa litríocht bharócach, sa scríbhneoireacht chruthaitheach, litríocht Chorca Dhuibhne agus traidisiún liteartha Chathair Chorcaí.
An Dr Tracey Ní Mhaonaigh
Tá sí ag obair faoi láthair ar an mórshaothar foclóireachta Croidhe Cainnte Chiarraighe (a thiomsaigh Seán Óg Ó Caomhánaigh) a réiteach don chló.
An Dr Lára Ní Mhaoláin
Prós na Nua-Ghaeilge Moiche maille le pailéagrafaíocht agus eagarthóireacht ar théacsanna na príomhréimse taighde atá aici. Tá eagrán nua leictreonach de Táin
Bó Fliodhaise á réiteach aici faoi láthair.
An Dr Eoghan Ó Raghallaigh
Tá saothrú déanta aige ar fhilíocht na Scol. Ina chomheagarthóir ar an díolaim mhór filíochta A miscellany of bardic verse (BÁC 2010).
Comment
Tá traidisiún Gaeilge i Maigh Nuad a théann i bhfad siar. Bunaíodh Ollúnacht le Gaeilge in 1804, go luath tar éis do Choláiste Phádraig teacht ar an bhfód (1795). Dá bhrí sin tá an Ghaeilge á múineadh ar an gcampas le os cionn dhá chéad bliain. Is as Maigh Nuad a cuireadh amach an chéad leagan Gaeilge den Bhíobla ina iomláine, i 1981. Bíonn comhdháil acadúil sa Roinn gach bliain – Léachtaí Cholm Cille – a bhfoilsítear a himeachtaí in aghaidh na bliana. Bíonn comhdhálacha teangeolaíochta, litríochta agus eile ar bun sa Roinn go tráthrialta.