Do chúrsa
Má tá fonn ortsa cur le caighdeán do chuid Gaeilge agus eolas breise a fháil ar litríocht, ar stair agus ar chultúr na teanga, seo é an cúrsa duitse. Gheobhaidh tú scileanna taighde, anailíse agus cumarsáide den chéad scoth a rachaidh chun do leasa sa saol gairmiúil trí chéile.
Sa chúrsa idirdhisciplíneach seo, déanfaidh tú anailís chriticiúil ar réimsí éagsúla de Léann comhaimseartha na Gaeilge: an Chritic Liteartha, an Chritic Chultúir agus Shóisialta agus an tSochtheangeolaíocht. Déanfaidh tú taighde nuálach, neamhspleách ar shainábhar de do rogha féin agus léireoidh tú an taighde sin i bhfoirm tráchtais.
Cúiseanna Chun Tabhairt Faoin gcúrsa
1. Déanfaidh tú cúrsa nuálach, idirdhisciplíneach a thabharfaidh saineolas duit ar Theanga, ar Litríocht agus ar Léann na Nua- Ghaeilge in ollscoil a bhfuil cáil na Gaeilge uirthi.
2. Beidh tú in ann feidhmiú go cruinn ag leibhéal gairmiúil agus acadúil trí mheán na Gaeilge sa scríbhneoireacht agus sa labhairt.
3. Foghlaimeoidh tú conas taighde neamhspleách ar ardchaighdeán a dhéanamh agus féadfaidh tú leanúint de léann na Gaeilge ag leibhéal dochtúireachta más mian leat.