Is féidir taighde dochtúireachta a dheanamh i réimse leathan ábhar sa Nua-Ghaeilge idir bhéaloideas, shochtheangeolaíocht, chanúineolaíocht agus nualitríocht. Tá saineolaithe cruthanta ar an bhfoireann teagaisc a bhfuil taighde ceannródaíoch foilsithe acu i ngach aon cheann de na réimsí thuasluaite, agus flosc orthu a gcuid saineolais agus taithí a roinnt ar scoláirí óga.
Mar chuid den oiliúint dochtúireachta a sholáthraítear do chlár an PhD Struchtúrtha, tá réimse leathan modúl idirdhisciplíneach ar fáil.
Baineann roinnt de na modúil seo go sainiúil leis an disciplín ina n-oibríonn an mac léinn agus déantar iad a sholáthar chun cur le heolas an mhic léinn ar a shainréimse taighde. Soláthraíonn modúil eile scileanna lárnacha atá riachtanach chun an tionscadal taighde a chur i gcrích. Cabhraíonn NG 523 (Teanga na Nua-Ghaeilge) leis an mac léinn barr feabhais a chur ar a chuid eolais ar cheart na Gaeilge agus ar a scileanna scríbhneoireachta idir bhuncheapadóireacht agus aistriúchán. An líofacht teanga a shealbhóidh an mac léinn i gcaitheamh a tréimhse staidéir, cuirfidh sí go mór lena acmhainn infhostaitheachta in earnáil na Gaeilge.
Chun taithí bhreise a chur ar fáil don mhac léinn agus tacú lena fhorbairt ghairmiúil, beidh sé páirteach sa chomhdháil bhliantúil a eagraíonn Roinn na Gaeilge sa chéad seimeastar den bhliain acadúil agus freastalóidh sé/sí ar sheimineáir thaighde eile de chuid na Roinne.