Do chúrsa
Is é aidhm an chúrsa seo oiliúint i ngnéithe den Léann Teanga a chur ar mhic léinn a chuirfidh ar a gcumas feidhmiú go gairmiúil trí Ghaeilge, in earnálacha éagsúla. Tabharfar léargas do na mic léinn ar bhunghnéithe faoi leith den Léann Teanga. Díríonn na mic léinn, trí mhodúil sainábhair, ar cheann amháin de na príomhdhisciplíní seo a leanas: Aistriúchán nó Pleanáil Teanga.
Cuirfear oiliúint ar fáil i ngnéithe tábhachtacha den Léann Teanga: Cruinnscríobh na Gaeilge, Modheolaíochtaí Taighde, an Scríbhneoireacht Acadúil, agus gnéithe den Chumarsáid Ghairmiúil.
Is féidir le mic léinn an MA sa Léann Teanga cur isteach ar Scoláireacht Mhic Dhonncha nó ar Sparánacht Choilm Uí Eocha; féach: www.nuigalway.ie/postgraduate_scholarships.
CÚISEANNA CHUN TABHAIRT FAOIN gCÚRSA
1. Ullmhóidh an cúrsa seo tú chun tabhairt faoi ghairm in earnáil na teanga.
2. Beidh deis speisialtóireacht a dhéanamh i réimse an Aistriúcháin nó na Pleanála Teanga.
3. I measc na n-eagraíochtaí a fhostaíonn iarchéimithe an chúrsa seo, tá institiúidí an Aontais Eorpaigh, institiúidí aistriúcháin de chuid an Stáit, cuideachtaí príobháideacha aistriúcháin, údaráis áitiúla, eagraíochtaí forbartha de chuid an Stáit, institiúidí oideachais, eagraíochtaí pobail, etc.