Do chúrsa
Clár máistreachta go hiomlán trí mheán na Gaeilge é an Máistir Gairmiúil san Oideachas. Déantar an clár in oideachas tosaigh múinteoirí dara leibhéal seo go lánaimseartha thar dhá bhliain agus tá sé aitheanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta chun críocha clárúcháin mar mhúinteoir iar-bhunoideachais in Éirinn.
Ar an gclár, forbraíonn múinteoirí faoi oiliúint creat coincheapúil a thacaíonn le foghlaim agus teagasc cruthaitheach a dhéanamh trí Ghaeilge ag leibhéal na h-iarbhunscoile agus san earnáil Ghaeltachta agus Ghaelscolaíochta ach go háirithe. Leagtar an-bhéim ar theicneolaíocht agus ar chumas múinteoirí faoi oiliúint cuir chuige agus áiseanna ilmheánacha a chruthú agus a úsáid go héifeachtach sa seomra ranga.
Cúiseanna Chun Tabhairt Faoin gcúrsa
1. Deiseanna láidre fostaíochta— tá an-tóir ar chéimithe an MGO in Éirinn agus thar lear.
2. Saineolas ar an oideachas trí Ghaeilge—is é an MGO an t-aon chlár in oiliúint tosaigh múinteoirí dara leibhéal go hiomlán trí mheán na Gaeilge in Éirinn.
3. Scileanna teicneolaíochta—is é an MGO an t-aon chlár iPad 1:1 in oiliúint tosaigh múinteoirí in Éirinn.