Do Chúrsa
Tá an cúrsa seo á chur ar fáil ar mhaithe leo siúd ar spéis leo oiliúint i ngnéithe de Léann an Aistriúcháin a chuirfeadh ar a gcumas scileanna aistriúcháin a fheidhmiú go gairmiúil, in earnálacha éagsúla. Déanfar scrúdú grinn ar an leagan is déanaí de Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge mar bhunchloch d'obair an aistritheora. Chomh maith le hoiliúint sna cineálacha téacsanna ginearálta is minice a bhíonn á láimhseáil ag aistritheoirí, tabharfar dúshlán an mhic léinn chomh maith i sainréimsí an aistriúcháin liteartha agus an aistriúcháin reachtaíochta. Gheofar léargas ar na huirlisí éagsúla teicneolaíochta a mbaineann aistritheoirí na Gaeilge leas astu – bogearraí aistriúcháin ríomhchuidithe ina measc. Toisc gur foghlaim chumaisc (meascán de ranganna ar líne agus roinnt ceardlann ar an gcampas féin) atá i gceist, feileann an cúrsa seo thar cionn do dhaoine atá ag obair go lánaimseartha nó go páirtaimseartha.
CÚISEANNA CHUN TABHAIRT FAOIN gCÚRSA
1. Is féidir tabhairt faoin gcúrsa seo agus tú áit ar bith sa tír nó níos faide i gcéin – beidh formhór an chúrsa ar bun ar líne mar aon le sé cheardlann lae sa bhliain (ar an Satharn) ar champas na hOllscoile.
2. Gheobhaidh tú léargas grinn ar cheird an aistriúcháin agus cuirfear oiliúint den scoth ort i ngnéithe tábhachtacha den cheird sin.
3. Beidh tú ag déileáil le teagascóirí a bhfuil taithí na mblianta acu ar shaol gairmiúil an aistritheora.