Top
City scape

Cleachtas Gairmiúil sna Meáin

Do Chúrsa
Páirtnéireacht eisceachtúil idir Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Raidió Teilifís Éireann is ea an MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) atá á chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Faoin bpáirtnéireacht seo, déanfaidh tú staidéar agus anailís chriticiúil ar na meáin agus ar chruinnscríobh na Gaeilge san Ollscoil agus ar líne; agus déanfaidh tú staidéar ar chleachtais ghairmiúla chomhaimseartha sna meáin in aonaid Ghaeilge éagsúla de chuid RTÉ i gConamara agus i mBaile Átha Cliath. Cur chuige nuálach agus tarraingteach é seo: beidh deis agat tréimhsí suntasacha a chaitheamh ar láithreacha oibre RTÉ le linn an chláir, ní mar ghnáth-intéirneach, ach mar mhac léinn a bheidh faoi stiúir acadúil leanúnach. Ar an gcaoi sin gheobhaidh tú taithí luachmhar san iriseoireacht, sa chraoltóireacht, agus i gcruthú ábhair d'ardáin ilmheán, agus tú ag feidhmiú mar 'chleachtóir machnamhach' sa mhórchraoltóir náisiúnta.

CÚISEANNA CHUN TABHAIRT FAOIN gCÚRSA

1. Taithí oibre an-suntasach le RTÉ le linn an chláir.

2. Staidéar agus taithí ar an iriseoireacht, ar an gcraoltóireacht agus ar an gcruthú ábhair d'ardáin ilmheán.

3. Iniúchadh ar na meáin sa saol comhaimseartha.

Entry requirements

Riachtanais Iontrála
Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime. Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu, ach a bhfuil ar a laghad cúig bliana de thaithí ghairmiúil acu i réimse na meán nó i réimse gaolmhar, iarratas a dhéanamh faoi chóras na hOllscoile d'Aitheantas don Réamhfhoghlaim (RPL). Is gá d'iarrthóirí Stiúrthóir Acadúil an chláir a shásamh go bhfuil an caighdeán seo acu sa Ghaeilge.

Duration

Bliain amháin, lánaimseartha. Dhá bhliain, páirtaimseartha.

Careers or further progression

Deiseanna Gairme
Beidh deiseanna fostaíochta ar fáil do chéimithe an chláir i dtionscal na meán, i ngairmeacha gaolmhara, agus i réimse gairmeacha eile ina mbíonn sártuiscint agus taithí ar na meáin ina mbuntáistí sonracha. Ar na fostóirí sin tá RTÉ, TG4, BBC, stáisiúin raidió agus teilifíse áitiúla, comhlachtaí léiriúcháin teilifíse agus raidió, ardáin ilmheán, comhlachtaí caidrimh phoiblí, comhlachtaí stáit agus leathstáit, agus réimse leathan cuideachtaí agus gnólachtaí san earnáil phríobháideach.

Further enquiries

SONRAÍ TEAGMHÁLA
Aodh Ó Coileáin
F: +353 91 494 600
R: aodh.ocoileain@oegaillimh.ie

Subjects taught

Na modúil: Cruinnscríobh na Gaeilge 1 (10 ECTS); Gnéithe den Chraoltóireacht Chomhaimseartha (10 ECTS); Iriseoireacht na Linne Seo (5 ECTS); Modheolaíochtaí Tionscadail agus Taighde (5 ECTS); Cruinnscríobh na Gaeilge 2 (10 ECTS); Cruthú Ábhair ar Ardáin Ilmheán (10 ECTS); Na Meáin agus a Luchtanna Féachana (5 ECTS); Eiticí agus Litearthacht na Meán (5 ECTS).

Application date

Déan iarratas ag www.nuigalway.ie/postgraduateapplications. Féadfar agallamh a shocrú le hiarrthóirí d'fhonn a gcumas sa Ghaeilge a mheas, agus, de réir mar a fheileann, féadfar samplaí den obair ábhartha atá déanta ag iarrthóirí sna meáin nó i réimsí gaolmhara roimhe seo a iarradh.

CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH: Níl aon dáta deiridh leagtha síos ag OÉ Gaillimh maidir le glacadh le hiarratais (seachas i gcásanna eisceachtúla). Eiseofar tairiscintí ar bhonn leanúnach. Cuirtear ina luí ar iarrthóirí iarratais a dhéanamh chomh luath agus is féidir. Chun na mionsonraí ar fad a fheiceáil maidir le cathain agus conas iarratas a dhéanamh féach leathanach 272.

Remember to mention gradireland when contacting institutions!