Foras Na Gaeilge Logo

Foras Na Gaeilge |

FNG
Founded: 1999

Ar an dara lá de mhí na Nollag 1999 bunaíodh Foras na Gaeilge, an comhlacht atá freagrach as an nGaeilge a chur chun cinn ar fud na hÉireann. Foras na Gaeilge, the body responsible for the promotion of the Irish language throughout the island of Ireland, was founded on the second day of December 1999.

Ar an dara lá de mhí na Nollag 1999 bunaíodh Foras na Gaeilge, an comhlacht atá freagrach as an nGaeilge a chur chun cinn ar fud na hÉireann.

Faoi réir Chomhaontú Aoine an Chéasta bunaíodh An Foras Teanga, Comhlacht Forfheidhmithe Thuaidh/Theas, chun an Ghaeilge agus an Ultais a chur chun cinn. Faoi choimirce an chomhlachta sin, déanfaidh Foras na Gaeilge na freagrachtaí go léir i dtaca leis an nGaeilge a chur i gcrích. I measc na bhfreagrachtaí sin tá labhairt agus scríobh na Gaeilge sa saol poiblí agus sa saol príobháideach i bPoblacht na hÉireann.

Tá an fhreagracht chéanna ann i leith Thuaisceart Éireann, sa chás go mbíonn an téileamh cuí ann agus i gcomhthéacs Chuid III de Chairt Chomhairle na hEorpa um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh. Aistríodh foireann Bhord na Gaeilge, an Ghúim (Foilsitheoirí) agus an Choiste Téarmaíochta (Forbairt Téarmaíochta) agus a ngníomhaíochtaí ar fad go dtí an comhlacht nua.

Tá Foras na Gaeilge bródúil as a ról i dtaca le comhairle a chur ar lucht rialtais, thuaidh agus theas, agus ar chomhlachtaí poiblí agus grúpaí eile sna hearnálacha príobháideacha agus deonacha i ngach gnó a bhaineann leis an nGaeilge, chomh maith leis na tionscadail tacaíochta a chuireann siad ar bun agus cúnamh deontais a thugann siad do ghrúpaí agus do chomhlachtaí ar fud oileán na hÉireann.

Feidhmeanna Fhoras na Gaeilge:

  • An Ghaeilge a chur chun cinn
  • Úsáid na Gaeilge a éascú agus a spreagadh sa chaint agus sa scríbhneoireacht sa saol poiblí agus sa saol príobháideach sa deisceart agus, i gcomhthéacs Chuid III den Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, i dTuaisceart Éireann mar a mbeidh éileamh cuí ann
  • Comhairle a thabhairt don dá lucht riaracháin, do chomhlachtaí poiblí agus do ghrúpaí eile san earnáil phríobháideach agus dheonach
  • Tionscadail tacaíochta a ghabháil de láimh, agus cúnamh deontais a thabhairt do chomhlachtaí agus do ghrúpaí de réir mar a mheasfar is gá
  • Taighde, feachtais tionscnaimh, agus caidreamh poiblí agus caidreamh leis na meáin, a ghabháil de láimh
  • Téarmaíocht agus foclóirí a fhorbairt
  • Tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge.

Foras na Gaeilge, the body responsible for the promotion of the Irish language throughout the island of Ireland, was founded on the second day of December 1999.

In the Good Friday Agreement, it was stated that a North/South Implementation body be set up to promote both the Irish language and the Ulster Scots language. Under the auspices of this body, Foras na Gaeilge will carry out all the designated responsibilities regarding the Irish language.

This entails facilitating and encouraging the speaking and writing of Irish in the public and private arena in the Republic of Ireland, and in Northern Ireland where there is appropriate demand, in the context of part three of the European Charter for Regional and Minority Languages.

The staff of Bord na Gaeilge, An Gúm (Publishers), and An Coiste Téarmaíochta (The Terminology Committee) and all their activities have been transferred to the new body.

Foras na Gaeilge is proud of its role in advising administrations, North and South, as well as public bodies and other groups in the private and voluntary sectors in all matters relating to the Irish language as well as the supportive projects it undertakes with grant-aiding bodies and groups throughout the island of Ireland.

The functions of Foras na Gaeilge:

  • Promotion of the Irish language
  • Facilitating and encouraging its use in speech and writing in public and private life in the south and, in the context of Part III of the European Charter for Regional or Minority Languages, in Northern Ireland where there is appropriate demand
  • Advising both administrations, public bodies and other groups in the private and voluntary sectors
  • Undertaking supportive projects, and grant-aiding bodies and groups as considered necessary
  • Undertaking research, promotional campaigns, and public and media relations
  • Developing terminology and dictionaries
  • Supporting Irish-medium education and the teaching of Irish.
Latest opportunities

We aren’t currently hiring

Follow us to be notified as soon as we post new jobs & opportunities.

Foras Na Gaeilge

Foras Na Gaeilge