Translating & Editing - Aistriúchán Agus San Eagarthóireacht - Ar Líne

Cúlra
De bhrí go bhfuil ardú stádais bainte amach ag an nGaeilge in Éirinn agus san Eoraip le roinnt blianta anuas, tá méadú tagtha ar an éileamh atá ar dhaoine a bhfuil ardscileanna teanga acu sa Ghaeilge. Cuireadh an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht ar bun sa bhliain 2007 le freastal ar an éileamh sin, agus tá idir rath agus ráchairt air ó shin i leith.

Forléargas
Tá an Dioplóma Iarchéime/MA san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht dírithe ar dhaoine atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna teanga, agus scileanna aistriúcháin agus eagarthóireachta a fhoghlaim. Cúrsa praiticiúil atá ann ina ndírítear ar chruinneas Gaeilge agus ar chúrsaí stíle, ar fhadhbanna a thagann chun cinn go minic san aistriúchán Béarla–Gaeilge, ar ghnéithe den teoiric a bhfuil feidhm phraiticiúil leo, ar scileanna teicneolaíochta, agus ar chleachtais ghnó agus ghairmiúla in earnáil an aistriúcháin agus na heagarthóireachta. Cuirtear béim láidir ar scileanna eagarthóireachta sa chúrsa freisin, sa dóigh is go mbeidh na rannpháirtithe in ann a saothar féin agus saothar daoine eile a athbhreithniú go héifeachtach.

Cé go bhfuil an clár dírithe go príomha ar dhaoine atá ag obair mar aistritheoirí cheana féin agus ar dhaoine a bhfuil sé i gceist acu dul ag obair san earnáil sin, rachadh sé chun sochair freisin do dhaoine a bhíonn ag obair trí Ghaeilge in earnáil ar bith agus ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga.

Is cúrsa ar líne é an Dioplóma Iarchéime/MA san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht, rud a fhágann gur féidir le mic léinn ó gach cearn den domhan tabhairt faoi. Agus de bhrí gur cúrsa páirtaimseartha é, beidh rannpháirtithe in ann freastal air in ainneoin cúraimí eile oibre nó teaghlaigh a bheith orthu.

Subjects taught

Year 1
LC500 - AISTRIÚCHÁN Credits: 30
Module Code Credits Semester Compulsory
CRUINNEAS GAEILGE & CÚRSAÍ STÍLE 1 LC501 7.5 1 Compulsory
GNÉITHE DEN AISTRIÚCHÁN 1 LC502 7.5 1 Compulsory
CRUINNEAS GAEILGE & CÚRSAÍ STÍLE 2 LC503 7.5 2 Compulsory
TEOIRIC AGUS CRITIC AN AISTRIÚCHÁIN LC504 7.5 2 Compulsory

Year 2
LC5002 - AISTRIÚCHÁN Credits: 30
Module Code Credits Semester Compulsory
GNÉITHE DEN AISTRIÚCHÁN 2 LC505 7.5 1 Compulsory
GAIRM AGUS GNÓ AN AISTRIÚCHÁIN SAN EORAIP AGUS IN ÉIRINN LC512 7.5 1 Compulsory
CRUINNEAS GAEILGE AGUS CÚRSAÍ STÍLE 3 LC506 7.5 2 Compulsory
GNÉITHE DEN AISTRIÚCHÁN 3 LC507 7.5 2 Compulsory

Entry requirements

Riachtanais iontrála
1. Bunchéim (ní gá gur céim sa Ghaeilge a bheadh ann).
2. Pas i scrúdú iontrála teanga (gramadach, ceartúsáid na teanga, aistriúchán agus píosa scríbhneoireachta). Tá scrúdú samplach iontrála ar fáil ach cliceáil anseo thíos.

Scrúdú iontrála
3. Agallamh

Beidh an scrúdú iontrála ar siúl ar líne Dé hAoine, an 28 Meitheamh 2024.

Tábhachtach: Bronnfar scoláireachtaí ar fiú táillí iomlána an chúrsa iad ar an mbeirt is fearr a chruthóidh sa scrúdú iontrála. Ní chuirfear san áireamh ach na hiarrthóirí a thugann faoin bpríomhscrúdú iontrála (28 Meitheamh 2024) agus na scoláireachtaí á mbronnadh. Má chailleann iarrthóir an príomhscrúdú iontrála sin, seans go dtabharfar deis dó an scrúdú iontrála a dhéanamh ar dháta eile chun áit a ghnóthú ar an gcúrsa, ach ní bheidh sé i dteideal ceann de na scoláireachtaí, fiú má ghnóthaíonn sé ceann de na marcanna is airde sa scrúdú sin.

Tá líon teoranta spásanna ar fáil ar an gcúrsa seo. Tabharfar tairiscintí d'iarrthóirí bunaithe ar na marcanna a gheobhaidh siad sa scrúdú scríofa. B'fhéidir go dtarlóidh go mbeidh Lárionad na Gaeilge ag iarraidh iarrthóirí a chur faoi agallamh mar chuid den phróiseas iarratais.

Application dates

Closing Date : 23 June 2024

Duration

Cúrsa páirtaimseartha ar líne thar dhá bhliain
2 years

Fees

In general, there are two levels of fees payable. EU students from EU countries including Ireland pay a subsidised level of fees for both taught courses and research programmes. Tuition fees for students from outside the EU are not subsidised and are thus somewhat higher than for EU students.

Post Course Info

Cé go bhfuil an clár dírithe go príomha ar dhaoine ar mian leo a bheith ag obair mar aistritheoirí agus mar eagarthóirí, agus ar dhaoine atá ag obair sna hearnálacha sin cheana féin, rachadh sé chun sochair freisin do dhaoine a bhíonn ag obair trí Ghaeilge in earnáil ar bith agus ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga.

Tá céimithe de chuid an chúrsa seo ag obair i réimse leathan ról – mar aistritheoirí, léitheoirí profaí, eagarthóirí, dlítheangeolaithe, oifigigh Ghaeilge, múinteoirí agus léachtóirí, cuir i gcás. Tá poist bainte amach acu in institiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh, i ranna agus eagraíochtaí Stáit, i gníomhaireachtaí aistriúcháin, i scoileanna agus ollscoileanna, sna meáin, agus i gcomhlachtaí foilsitheoireachta.

More details
  • Qualification letters

    PG Dip

  • Qualifications

    Postgraduate Diploma (Level 9 NFQ)

  • Attendance type

    Part time

  • Apply to

    PAC