An Anailís Sochtheangeolaíochta II - Micro-credential

Sa mhodúl seo, déanfar plé agus anailís ar phróiseas an aistrithe teanga agus ar na comharthaí sóirt a bhaineann leis. Pléifear an tionchar a bhíonn ag an aistriú teanga ní hamháin ar an bpobal urlabhra, ach ar an gcineál teanga a labhraítear chomh maith céanna. Músclaíonn sé seo ceisteanna idé-eolaíochta a bhaineann le dlisteanas agus barántúlacht teanga (Woolard, 2016). Déanfar plé, mar sin, ar an measúnú a dhéanann an pobal urlabhra ar leaganacha nua cainte a thagann chun cinn ina measc mar thoradh ar phróiseas an aistrithe teanga (Ó Murchadha, 2019). Cuirfear oiliúint ar an mac léinn cén chaoi le hanailís dioscúrsa a dhéanamh, ar thras-scríbhinní agallaimh, mar shampla, chun go bhféadfaí léargas a fháil ar an idé-eolaíocht atá ag cainteoir i leith na héagsúlachta teanga. Ina theannta sin, déanfar plé ar phróiseas an chothaithe teanga trí bhéim a leagan ar nuachainteoirí na Gaeilge (Walsh agus O’Rourke, 2015). Beidh ceist na hidé-eolaíochta i lár an aonaigh sa chás seo chomh maith ó tharla an iliomad tuairimí a bheith i réim maidir le cén cineál urlabhra a mbaineann gradam léi nó a mhalairt. Beidh an modúl seo feiliúnach d’oibrithe pobail agus teanga sna ceantair phleanála teanga a luaitear in Acht na Gaeltachta. Beidh buntáiste acu siúd atá ag obair cheana féin in earnáil na Gaeilge go naisiúnta agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á feidhmiú acu.

Entry requirements

Applicants should be over 21 years.

Beidh an modúl seo feiliúnach d’oibrithe pobail agus teanga sna ceantair phleanála teanga a luaitear in Acht na Gaeltachta. Beidh buntáiste acu siúd atá ag obair cheana féin in earnáil na Gaeilge go nAisiúnta agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á feidhmiú acu.

Application dates

From the 1st April 2024 you can apply for any University of Galway Micro-credential through our Online Application Portal.

When completing your application please make sure to apply under CPC 17 (Arts and Social Science Postgrad) in the drop-down menu after selecting Standalone Module- Continuing Professional Development.

For this micro-credential, please copy and paste or type this into the text box under Module Name: LT120

Duration

12 weeks, part-time.

The mode of study for this Micro-credential is Blended Learning (in-person and online).

Enrolment dates

Academic Year 2024/25, Semester TBC.

More details
  • Attendance type

    Part time,Blended

  • Apply to

    Course provider