Ateangaireacht Chomhdhála
Do Chúrsa
Déanfar staidéar ar an dá chineál ateangaireachta: ateangaireacht  leantach agus ateangaireacht chomhuaineach. Bainfear  úsáid as cleachtaí éagsúla chun oiliúint sna scileanna seo a  chur ar mhic léinn: cleachtaí cuimhne; ateangaireacht gan  nótaí; ateangaireacht le hamharc; teicnící um breacadh nótaí  agus ateangaireacht chomhuaineach le script. Bainfear úsáid  as an taisclann institiúide agus scrúdófar na hardáin nua  um chianateangaireacht atá ag teacht chun cinn. Is iad an  Ghaeilge, an Béarla, an Fhraincis, an Spáinnis, an Iodáilis agus  an Ghearmáinis atá á dtairiscint mar theangacha an chúrsa seo.  Déanfar staidéar ar theoiric agus cleachtas na hateangaireachta,  áit a ndíreofar ar scileanna cumarsáide, e.g., glóroiliúint.  Scrúdófar an eitic phroifisiúnta a bhaineann leis an gceird seo  freisin, mar aon le nósanna imeachta comhdhála, cleachtais  oibre agus dálaí oibre.
Course Outline
Tá an clár seo bunaithe ar an gCéim Mháistreachta Eorpach in Ateangaireacht Chomhdhála, clár a forbraíodh i gcomhar le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh. Is gá go mbeadh iarchéim san ateangaireacht ag duine le tabhairt faoi na scrúduithe ateangaireachta idirnáisiúnta agus is é seo an t-aon chlár dá leithéid in Éirinn.
Subjects taught
Bliain 1
Modúil Riachtanach
AT126: Tráchtas / Thesis
AT129: An tAontas Eorpach / The European Union
AT130: Modheolaíochtaí Taighde / Research Methodology
AT121: Ateangaireacht Leantach I / Consecutive Interpreting I
AT122: Ateangaireacht Chomhuaineach I / Simultaneous Interpreting I
Modúil Roghnacha
AT123: Ateangaireacht Leantach II / Consecutive Interpreting II
AT124: Ateangaireacht Chomhuaineach II / Simultaneous Interpreting II
AT127: Ateangaireacht Leantach III / Consecutive Interpreting III
AT128: Ateangaireacht Chomhuaineach III / Simultaneous Interpreting III
Féach ar Leathanach Gréasáin an Chúrsa thuas chun sonraí modúil a fháil.
Entry requirements
Riachtanais Iontrála 
Beidh céim onóracha 2.2 chomh maith le:  
• Sárchumas labhartha ina máthairtheanga ag iarrthóirí; 
• Sárchumas tuisceana ina dteangacha oibre; 
• Sárscileanna cumarsáide; 
• Spreagadh láidir.
Application dates
Closing Date: Moltar iarratas a dhéanamh go luath ag súil le tairiscint luath.
Applications must be completed online at: https://nuigalway.elluciancrmrecruit.com/Apply/Account/Login.
An application requires a registration fee of €35. You will be asked to upload proof of identification, academic transcripts, a personal statement, an academic reference and documentation to fulfil the English requirement (where English is not your first language).
Duration
Dioplóma Iarchéime,: bliain acadúil amháin; 
MA: bliain  iomlán féilire (Meán Fómhair go  Lúnasa).
Enrolment dates
Next start date: Meán Fómhair 2025
Post Course Info
Deiseanna Gairme
Is gá cáilíocht iarchéime ateangaireachta a bheith bainte amach  agat chun na scrúduithe idir-institiúideacha AE a dhéanamh agus  tabhairt faoin obair ghairmiúil. Tá poist mhaithe ateangaireachta  le fáil ar fud an domhain: éilítear seirbhísí ateangaireachta ag  comhdhálacha, tionóil agus féilte. Tá céimithe an chúrsa ag obair  in institiúid an AE agus na NA chomh maith le hinstitiúidí móra  eile go hidirnáisiúnta chomh maith le tithe an Oireachtais anseo  in Éirinn.
More details
- Qualification letters - MA/PDip 
- Qualifications - Postgraduate Diploma (Level 9 NFQ),Degree - Masters (Level 9 NFQ) 
- Attendance type - Daytime,Full time 
- Apply to - Course provider 
