Cleachtas Gairmiúil sna Meáin
Cumasc tomhaiste den staidéar acadúil agus den fhoghlaim phraiticbhunaithe a chur ar fáil sna meáin agus i gcrúthu ábhair a chuirfidh ar chumas céimithe an chláir feidhmiú mar 'chleachtóirí machnamhacha' sna meáin chumarsáide chomhaimseartha agus cur lena gcumas i gcumarsáid na Gaeilge.
Cuspóirí an chláir:
Staidéar a dhéanamh ar na comhthéacsanna agus ar na suíomhanna éagsúla ina bhfeidhmíonn na meáin chomhaimseartha d'fhonn anailís chriticiúil a dhéanamh ar a ról i múnlú na n-acmhainní siombalacha trína dtagann daoine ar thuiscintí faoin tsochaí mórthimpeall orthu.
Foghlaim ó thaithí a chur ar fáil do mhic léinn maidir le cleachtais ghairmiúil oibreoirí na meán agus cruthaitheoirí ábhar ilmheán, d’fhonn tuiscint ghrinn agus taithí a thabhairt dóibh ar chleachtais ghairmiúil sna meáin chomhaimseartha.
Sintéis éifeachtach idir an teoiric agus an phraitic a aimsiú d'fhonn forbairt intleachtúil, acadúil agus ghairmiúil na scoláirí mar ‘chleachtóirí machnamhacha’ a chur chun cinn.
Cur le cumas an mhic léinn é/í féin a chur in iúl agus i láthair go héifeachtach agus go húdarásach trí mheán na Gaeilge.
Subjects taught
Year 1 (90 Credits)
Required CU6107: Foghlaim ar an Láthair Oibre
Required LT101: Cruinnscríobh na Gaeilge I
Required CU125: An Tionscadal Taighde Féinstiúrtha
Required CU107: Scriptscríbhneoireacht don Scáileán
Required CU113: Eiticí agus Litearthacht na Meán
Required CU6104: Na Meáin agus a Luchtanna Féachana
Required CU6106: Nuálaíocht, Geilleagar agus Rialú na Meán
Required LT102: Cruinnscríobh na Gaeilge II
Required CU6105: Cruthú Ábhair
Required CU6108: Modheolaíochtaí Taighde Comhaimseartha
Entry requirements
Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime. Éilítear caighdeán Gaeilge ag leibhéal C1 den Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha mar bhunriachtanas iontrála. Is gá d’iarrthóirí Stiúrthóir Acadúil an chláir a shásamh go bhfuil an caighdeán seo acu sa Ghaeilge.
Duration
Bliain amháin, lánaimseartha
Dhá bhliain, páirtaimseartha
Enrolment dates
Next start date: Meán Fómhair 2026
Post Course Info
Bíonn deiseanna fostaíochta ar fáil do chéimithe an chláir i dtionscal na meán, i ngairmeacha gaolmhara, agus i réimse gairmeacha eile ina mbíonn sárthuiscint agus taithí ar na meáin ina mbuntáistí sonracha. Ar na fostóirí sin tá RTÉ, TG4 agus BBC, chomh maith le stáisiúin raidió áitiúla, comhlachtaí léiriúcháin teilifíse agus raidió, ardáin ilmheán, comhlachtaí caidrimh phoiblí, comhlachtaí stáit agus leathstáit, agus réimse leathan cuideachtaí agus gnólachtaí san earnáil phríobháideach.
More details
Qualification letters
MA/Dioplóma Iarchéime
Qualifications
Degree - Masters (Level 9 NFQ),Postgraduate Diploma (Level 9 NFQ)
Attendance type
Full time,Part time,Daytime
Apply to
Course provider
