Cruinnscríobh agus Comhréir na Gaeilge - Micro-credential

Pléann an modúl seo leis na gnéithe sin den ghramadach nach bpléitear i leabhair ghramadaí de ghnáth. Féachtar, freisin, le comhréir na Gaeilge a fhiosrú, go háirithe difríochtaí idir í agus comhréir an Bhéarla. Déantar staidéar ar aistriúcháin agus ar théacsanna eile d’fhonn ceart-chomhréir na Gaeilge a aimsiú. Pléitear comhairle daoine ar spéis leo cruinnscríobh na Gaeilge le céad bliain anuas, comhairle i dtaobh na comhréire agus na gramadaí agus a chruinne atá an chomhairle sin ar na saolta seo.

Entry requirements

Ní mór d’iarratasóirí a bheith os cionn 21 bliain d’aois. BA le hAistriúchán nó le Gaeilge nó a chomhionann.

Application dates

Ón 1 Aibreán 2024, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar aon mhicrchreidiúint de chuid Ollscoil na Gaillimhe ar an Tairseach Iarratais Ar Líne.



Agus d’iarratas á líonadh agat, déan cinnte de go roghnóidh tú na catagóirí seo a leanas:



Academic level: Micro-credentials and CPD

College/Interest type: Micro-credentials/CPD Postgrad Level 9

Academic programme: Arts & Social Science Postgrad Micro-credentials - CPC17



Beidh ort Ainm agus Cód an Mhodúil a chur isteach de láimh faoi 'Module Name' ar an dara leathanach den iarratas. Cóipeáil an t-ainm agus an cód seo thíos le do thoil:



Cruinnscríobh agus Comhréir na Gaeilge – LN6111

Duration

Is í an Fhoghlaim Chumaisc (i bpearsain agus ar líne) an modh staidéir don Mhicrichreidiúint seo.

Enrolment dates

Bhliain acadúil 2024/25 - Seimeastar 2

More details
  • Attendance type

    Part time,Blended

  • Apply to

    Course provider