Gaeilge - Structured Research
Achoimre ar an gClár:
Is clár lánaimseartha bliana (dhá bhliain go páirtaimseartha) é an MA Struchtúrtha sa Ghaeilge a thugann deis do chéimithe díograiseacha cur lena gcuid eolais agus an réimse taighde atá roghnaithe acu i Léann na Gaeilge a fhorbairt. Is féidir an cúrsa seo a dhéanamh ar mhaithe leis féin nó mar ullmhúchán do chlár PhD. Beidh ar mhic léinn tráchtas 20,000 go 25,000 focal a scríobh, ar luach 60 ECTS, a dhéanfar faoi stiúir ball foirne de chuid Roinn na Gaeilge. Tá modúil múinte ar fiú 30 ECTS sa chúrsa, agus ní mór ceann amháin díobh (5 ECTS ar a laghad) a bheith dírithe ar mhodhanna taighde. Cuireann foireann na Gaeilge modúil ar fáil i raon leathan ábhar ar an gcúrsa iarchéime agus cuireann fáilte roimh mhic léinn i réimsí a gcuid saineolais:
An Ghaeilge i ngach tréimhse ón tSean-Ghaeilge go dtí an teanga chomhaimseartha
Gach gné de litríocht na Gaeilge
An béaloideas, an scéalaíocht agus an traidisiún béil
An tsochtheangeolaíocht
An teangeolaíocht chomhaimseartha, stairiúil, chomparáideach agus chorpais
Léann na lámhscríbhinní
An Léann Ceilteach
Na meáin chumarsáide
An chartlannaíocht
Moltar an clár go láidir do chéimithe ar mian leo tabhairt faoi thaighde neamhspleách treoraithe i gcuideachta modúl múinte, agus dóibh siúd ar mian leo leanúint ar aghaidh le clár PhD.
Entry requirements
Ní mór d’iarrthóirí céim onóracha 2.1 (ag leibhéal a 8 de Chreat Náisiúnta Cáilíochta ÚNCÉ) a bheith acu i Léann na Gaeilge nó a comhionann. Glacfar le hiarratais ó iarrthóirí a bhfuil céim 2.1 nó a comhionann acu in ábhar eile, ach caithfidh siad Stiúrthóir Acadúil an chúrsa a shásamh maidir lena cumas sa Ghaeilge chun tabhairt faoin gcúrsa.
Application dates
Important: apply by mid-July for September entry.
Applications are made online via the University of Galway Postgraduate Applications System.
Duration
Máistreacht Struchtúrtha sa Ghaeilge, lánaimseartha, cúrsa bliana
Máistreacht Struchtúrtha sa Ghaeilge, páirtaimseartha, cúrsa dhá bhliain
More details
Qualifications
Degree - Masters (Level 9 NFQ)
Attendance type
Full time,Part time,Daytime
Apply to
Course provider
