Ghaeilge - Ceannaireacht i dTeanga, Cultúr agus Pobal

Réamhrá

Clár úrnua iarchéime é seo a thabharfaidh deis duit eolas leathan a shealbhú ar mhór-réimsí Léann na Gaeilge, agus ar an gceannaireacht. Tá an clár ar fáil ó thús deireadh ar líne.



MA sa Ghaeilge (Ceannaireacht i dTeanga, Cultúr agus Pobal)



Clár úrnua iarchéime ar líne é seo a thabharfaidh deis duit eolas leathan a shealbhú ar mhór-réimsí Léann na Gaeilge, agus ar an gceannaireacht. Anuas ar chlár téagartha acadúil agus deiseanna díriú ar ghnéithe de Litríocht na Gaeilge, d’Ealaíona na Gaeilge, agus den tSochtheangeolaíocht agus an Phleanáil Teanga, beidh fócas láidir ar scileanna gairmiúla a fhorbairt. Forbrófar sárscileanna teanga, idir labhairt agus scríobh, agus tacar scileanna idirphearsanta, a bheidh ag freagairt do riachtanais chumarsáide na rannpháirtithe féin. Oilfear thú le bheith i d’eiseamláir den dea-chleachtas i gcomhthéacsanna éagsúla teanga, cultúir agus pobail agus beidh tú in ann riachtanais a aithint agus deiseanna a thapú maidir le do réimsí féin agus ar bhonn eagraíochtúil. Sealbhóidh tú na scileanna cuí le pleanáil a dhéanamh, athrú a thabhairt i gcrích agus spriocanna a bhaint amach.



Tá an clár seo ar fáil ó thús deireadh ar líne. Laistigh de thréimhse bliana, beidh deis agat MA sna Dána sa Ghaeilge, a bhfuil gné cinnireachta lárnach ann, a bhaint amach ar bhealach solúbtha.



Tá claochlú ag teacht ar shaol na Gaeilge agus ar shaol an léinn. Is gá aghaidh a thabhairt ar an tírdhreach athraithe seo, agus freastal ar na riachtanais nua oiliúna a leanfaidh an leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla (2021). Is gá freisin céimithe a oiliúint a thabharfaidh aghaidh ar fhorbairtí nua sa phleanáil teanga, sna healaíona agus i réimse an oideachais/i Léann na Gaeilge. Acmhainn í an Ghaeilge don uile dhuine. Chuige sin, aithníonn an MA seo go bhfuil gá le pobal cleachtais a thógáil le dhá arm aigne: eolas ar shaíocht na Gaeilge, agus tacar scileanna feidhmeacha a chuimseoidh cothú na féinfheasachta agus tréithe cinnireachta.



Léachtóirí lán-aimseartha Roinn na Gaeilge a bheidh ag múineadh ar an gclár seo agus beidh ionchur idirdisciplíneach ann ó ranna eile, agus ó shaineolaithe earnála.



Beidh tú ag foghlaim trí mheascán de sheimineáir bheo idirghníomhacha agus deiseanna foghlama aisioncronacha (ag am a oireann duit féin). Fágann seo go mbeidh tú ábalta a bheith páirteach i bpobal foghlama ar bhealach a thugann san áireamh do dhualgais ghairmiúla agus phearsanta féin.

Subjects taught

Seimeastar 1

Teanga agus Cumarsáid 1

Ceannaireacht agus Dea-chleachtas Gairmiúil 1

Léann an Chultúir agus Ealaíona na Gaeilge*

Nualitríocht na Gaeilge agus Nua-insintí Cruthaitheacha na Gaeilge*

Modheolaíochtaí Taighde, Feidhm agus Éifeacht



Seimeastar 2

Teanga agus Cumarsáid 2

Ceannaireacht agus Dea-Chleachtas 2

Pobail Teanga Mionlaithe, Comhthéacs, Ceannaireacht, Gníomh*

Coilíneachas, Coimhlint, Cultúr 1550-1850*

Entry requirements

Bunchéim sa Ghaeilge ag leibhéal 2.2 nó leibhéal níos airde (nó Céim 2.2 nó leibhéal níos airde i mbunchéim eile). Is féidir go nglacfadh an Roinn le hiarrthóir nach gcomhlíonfadh na critéir thuas ach a mbeadh taithí chruthanta/cáilíocht acu a chuirfeadh ar a gcumas tabhairt faoin gcúrsa. Is féidir go lorgódh an Roinn fianaise ar ardinniúlachtaí Gaeilge idir labhartha agus scríofa. Is féidir go lorgófaí fianaise ó iarratasóirí go bhfuil an mianach agus na hinniúlachtaí acu le tabhairt faoin gclár.

Application dates

How To Apply

Iarratais do mhí Mheán Fómhair 2026 oscailte anois.



Iarratasóir arb as an Aontas Eorpach iad



To apply, please see "Application Weblink" above.



Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas ná 31 Iúil 2026.



Iarratasóir nach as an Aontas Eorpach iad

Beidh fáilte roimh iarrthóirí idirnáisiúnta. Moltar duit teagmháil a dhéanamh leis an oifig idirnáisiúnta sula gcuireann tú isteach ar áit ar an gclár.

E: International@mic.ul.ie

T: +353 61 204988 / +353 61 774790



To apply, please see "Application Weblink" above.



Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas ná 31 Iúil 2026.



Contact

Comhordaitheoir an Chláir

An Dr Róisín Ní Ghairbhí

+353 61 204330

Roisin.Nighairbhi@mic.ul.ie

Duration

Tá an clár seo ar fáil ó thús deireadh ar líne. Laistigh de thréimhse bliana, beidh deis agat MA sa Ghaeilge, ina bhfuil gné na ceannaireachta lárnach, a bhaint amach ar bhealach solúbtha.

Post Course Info

Deiseanna Gairme agus Staidéir Bhreise

Cuirfidh an MA seo faobhar le gníomhaíochtaí céimithe i réimse leathan gairmeacha. San áireamh anseo tá rólanna sa saol acadúil agus i réimse an oideachais, rólanna sa phleanáil teanga, rólanna iomadúla san earnáil phoiblí/sa státchóras, rólanna in eagraíochtaí Gaeilge, cultúrtha agus pobail, agus rólanna a bhaineann leis na healaíona agus leis an bhforbairt pobail.



Cuimsíonn an clár inniúlachtaí sa chumarsáid, sa phleanáil straitéiseach agus scileanna agus feasacht maidir le riachtanais a aithint, spriocanna a leagan síos agus athrú a thabhairt i gcrích. Freagraíonn na tréithe agus an tacar scileanna seo do riachtanais rólanna iomadúla agus tá éileamh mór ar chéimithe leis na hinniúlachtaí seo ag fostóirí.



Tá an rogha ag céimithe staidéar breise a dhéanamh go leibhéal PhD; féach MA / PhD in Arts by Research le haghaidh tuilleadh eolais lena n-áirítear riachtanais iontrála.

More details
  • Qualification letters

    MA

  • Qualifications

    Degree - Masters (Level 9 NFQ)

  • Apply to

    Course provider