Ghaeilge Fheidhmeach

Ag deireadh an chláir seo, beidh an mac léinn ábalta:

Ardchaighdeán Gaeilge idir labhairt agus scríobh (leibhéal B2 ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha) a léiriú;
Bunchoincheapa an bhéaloidis a mhíniú agus a léiriú;
Léargas a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le haistriúchán go Gaeilge agus ón nGaeilge;
Stair na meán traidisiúnta agus comhaimseartha a phlé;
Anailís chriticiúil a dhéanamh ar théacsanna liteartha;
Dioscúrsa acadúil a chur i láthair i bhfoirm scríofa i nGaeilge.

Subjects taught

Year 1 (30 Credits)
Required GF107: An Scríbhneoireacht Acadúil
Required GF101: An Prós Comhaimseartha
Required GF100: Cruinneas na Gaeilge 1
Required GF102: Stair na Meán Gaeilge
Required GF106: Uirlisí an Aistriúcháin agus na Téarmaíochta

Year 2 (30 Credits)
Required GF200: Cruinneas na Gaeilge 2
Required GF201: Na hEalaíona Traidisiúnta
Required GF205: Litríocht Chomhaimseartha na Gaeilge 1
Required GF206: Litríocht Chomhaimseartha na Gaeilge 2

Entry requirements

Riachtanais Iontrála
Beidh céim onóracha, nó a comhionann, in ábhar ar bith riachtanach le tabhairt faoi Ard-Dioplóma seo. Ina theannta sin, caithfidh iarrthóirí a léiriú do stiúrthóir an chúrsa go bhfuil cumas sách ard sa Ghaeilge, idir labhairt agus scríobh, acu chun tabhairt faoin gcúrsa go sásúil.

Application dates

CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH:
Déan iarratas ag www.oegaillimh.ie/acadamh

Closing Date: Moltar iarratas a dhéanamh go luath ag súil le tairiscint luath

Duration

Dhá bhliain, páirtaimseartha.

Enrolment dates

Next start date September 2024 (Meán Fómhair 2024)
Closing Date Offers are made on a rolling basis.

Post Course Info

Deiseanna Gairme
Tabharfaidh an tArd-Dioplóma seo cáilíocht aitheanta sa Ghaeilge do mhic léinn, cáilíocht a chuirfidh go suntasach lena gcuid deiseanna fostaíochta, san earnáil oideachais go háirithe. Beidh deiseanna freisin ag mic léinn oibriú sna meáin chumarsáide, sa tseirbhís phoiblí, in earnáil an aistriúcháin agus san earnáil phobail. Beidh deiseanna ag mic léinn a bhaineann an tArd-Dioplóma seo amach leanúint dá gcuid staidéir ar an nGaeilge ar an MA sa Léann Teanga, an MA sa Nua-Ghaeilge nó an MA san Ateangaireacht Chomhdhála.

More details
  • Qualification letters

    HDip

  • Qualifications

    Higher Diploma (Level 8 NFQ)

  • Attendance type

    Part time

  • Apply to

    Course provider