Education - Irish Medium & Gaeltacht Education
undefined

Trinity College Dublin

Education - Irish Medium & Gaeltacht Education

Cur síos ar an gcúrsa ourse
Tugann an cúrsa an deis do rannpháirtithe ardchaighdeán feabhais a bhaint amach ina gcleachtais oideachais agus ina n-inniúlacht teanga.

An domsa atá an cúrsa seo deartha?
Is do dhaoine atá cáilithe mar mhúinteoirí agus a bhfuil suim acu san oideachas trí mheán na Gaeilge an cúrsa seo. Tá san áireamh ansin idir mhúinteoirí bunscoile agus iarbhunscoile agus daoine a bhfuil suim acu san oideachas trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht nó lasmuigh den Ghaeltacht. Díríonn an cúrsa ar an sár-chleachtas san earnáil trí mheán na Gaeilge agus beidh deis ag rannpháirtithe chomh maith ardchaighdeán teanga sa Ghaeilge a fhorbairt le linn an chúrsa.

Struchtúr an chúrsa
Modúil éigeantacha iad na modúil ar fad thuas agus ní mór do rannpháirtithe pas a ghnóthú iontu go léir. Foghlaim chumaisc a bheidh i gceist ar an gcúrsa agus beidh idir léachtaí ar line agus ar an láthair i gceist, tar éis an lae scoile, ag an deireadh seachtaine agus le linn laethanta saoire scoile. Beidh an cur chuige an-solúbtha agus dearadh é chun dul in oiriúint do dhaoine atá ag obair go lán-aimseartha.

Subjects taught

Ábhar an chúrsa
Ocht modúl ar fad atá sa chúrsa M.Oid. agus is modúil éigeantacha iad ar fad. Sé mhodúl acu sin, is sa chéad bhliain den chúrsa atá siad agus is i mbliain a dó atá an dá mhodúl eile. Seo a leanas liosta de na modúil go léir, na creidiúintí atá ceangailte leo:

Bliain 1: An tumoideachas agus an dátheangachas (10 ECTS); 2. An dea-chleachtas i suíomhanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge (10 ECTS); 3. An teagasc agus an fhoghlaim i suíomhanna scoile lán-Ghaeilge agus Gaeltachta (10 ECTS); 4.An cleachtas pleanála agus measúnaithe (10 ECTS); 5. An cheannasaíocht agus an bhainistíocht (10 ECTS); 6. Múinteoirí lán-Ghaeilge agus Gaeltachta mar thaighdeoirí (10 ECTS).

Bliain 2: 7. Inniúlacht teanga sa Ghaeilge (10 ECTS); 8. An tráchtas (30 ECTS).

Entry requirements

Inniúlacht sa Ghaeilge ag leibhéal B1 ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha, Clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta, Agallamh.

Application dates

Irish-Medium and Gaeltacht Education (M.Ed.) - 2 Years - Part-Time 21/Jul/2024

Duration

2 bhliain, páirt-aimseartha.

Enrolment dates

Next Intake Meán Fómhair 2024

Post Course Info

Deiseanna fostaíochta
Raghaidh an cúrsa seo chun tairbhe múinteoirí ina n-obair laethúil nó dóibh siúd ar mhaith leo cur isteach ar phoist freagrachta nó ar phoist cheannasaíochta. Bheadh sé ina bhuntáiste leis do dhaoine atá ag iarraidh cosán nua a ghearradh ina ngairm bheatha mar shampla i bhforbairt beartais nó curaclaim nó i réimse an taighde.

More details
  • Qualification letters

    M.Ed.

  • Qualifications

    Degree - Masters (Level 9 NFQ)

  • Attendance type

    Part time

  • Apply to

    Course provider