Léann an Áistriúcháin
Forbhreathnú Cúrsa
Tá an cúrsa seo á chur ar fáil ar mhaithe leo siúd ar spéis leo oiliúint i ngnéithe de Léann an Aistriúcháin a chuirfeadh ar a gcumas scileanna aistriúcháin a fheidhmiú go gairmiúil, in earnálacha éagsúla. Déanfar scrúdú grinn ar an leagan is déanaí de Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge mar bhunchloch d’obair an aistritheora. Chomh maith le hoiliúint sna cineálacha téacsanna ginearálta is minice a bhíonn á láimhseáil ag aistritheoirí, tabharfar dúshlán an mhic léinn chomh maith i sainréimsí an aistriúcháin liteartha agus an aistriúcháin reachtaíochta. Gheofar léargas ar na huirlisí éagsúla teicneolaíochta a mbaineann aistritheoirí na Gaeilge leas astu—bogearraí aistriúcháin ríomhchuidithe ina measc. Toisc gur foghlaim chumaisc (meascán de ranganna ar líne agus roinnt ceardlann ar an gcampas féin) atá i gceist, feileann an cúrsa seo thar cionn do dhaoine atá ag obair go lánaimseartha nó go páirtaimseartha.
Subjects taught
Eolas Curaclaim
Semester 1
LT105: Aistriúchán Téacsanna I
LT106: Aistriúchán Téacsanna Reachtaíochta
Semester 2
LT109: Aistriúchán Téacsanna II
LT110: An tAistriúchán Liteartha
LT6101: An Caighdeán Oifigiúil
Please see Course Web Page above for module details.
Entry requirements
Riachtanais Iontrála
Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag Leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar. Ní mór d’iarrthóirí tabhairt faoi scrúdú iontrála chun a gcumasi scríobh na Gaeilge a léiriú.
Application dates
Closing Date: Moltar iarratas a dhéanamh go luath ag súil le tairiscint luath.
Applications must be completed online at: https://nuigalway.elluciancrmrecruit.com/Apply/Account/Login.
An application requires a registration fee of €35. You will be asked to upload proof of identification, academic transcripts, a personal statement, an academic reference and documentation to fulfil the English requirement (where English is not your first language).
Duration
Bliain amháin nó dhá bhliain
Enrolment dates
An chéad dáta tosaithe eile: Meán Fómhair 2024
Post Course Info
Deiseanna Gairme
Baineann an-chuid deiseanna oibre leis an aistriúchán: mar fhéinfhostaíocht, mar shlí bheatha do dhaoine ar mhaith leo a bheith ag obair sa bhaile, agus mar bhealach chun ioncam breise a ghnóthú don té atá ag obair i bpost lánaimseartha nó páirtaimseartha. Éiríonn le daoine a bhfuil cáilíocht aistriúcháin acu poist a fháil go rialta le gnólachtaí aistriúcháin, na meáin chumarsáide, eagraíochtaí Gaeilge, institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus eagraíochtaí stáit.
More details
Qualification letters
PGCert
Qualifications
Minor Certificate (Level 9 NFQ)
Attendance type
Part time
Apply to
Course provider
