Léann an Áistriúcháin
Do Chúrsa
Tá an cúrsa seo á chur ar fáil ar mhaithe leo siúd ar spéis leo oiliúint i ngnéithe de Léann an Aistriúcháin a chuirfeadh ar a gcumas scileanna aistriúcháin a fheidhmiú go gairmiúil, in earnálacha éagsúla. Déanfar scrúdú grinn ar an leagan is déanaí de Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge mar bhunchloch d'obair an aistritheora. Chomh maith le hoiliúint sna cineálacha téacsanna ginearálta is minice a bhíonn á láimhseáil ag aistritheoirí, tabharfar dúshlán an mhic léinn chomh maith i sainréimsí an aistriúcháin liteartha agus an aistriúcháin reachtaíochta. Gheofar léargas ar na huirlisí éagsúla teicneolaíochta a mbaineann aistritheoirí na Gaeilge leas astu—bogearraí aistriúcháin ríomhchuidithe ina measc. Toisc gur foghlaim chumaisc (meascán de ranganna ar líne agus roinnt ceardlann ar an gcampas féin) atá i gceist, feileann an cúrsa seo thar cionn do dhaoine atá ag obair go lánaimseartha nó go páirtaimseartha.
Entry requirements
Riachtanais Iontrála
MA: Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar. Ní mór d'iarrthóirí tabhairt faoi scrúdú iontrála chun a gcumas i scríobh na Gaeilge a léiriú.
Teastas Iarchéime: Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag Leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar. Ní mór d'iarrthóirí tabhairt faoi scrúdú iontrála chun a gcumasi scríobh na Gaeilge a léiriú.
Application dates
CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH:
Níl aon dáta deiridh leagtha síos ag OÉ Gaillimh maidir le glacadh le hiarratais (seachas i gcásanna eisceachtúla). Cuirtear ina luí ar iarratasóirí iarratais a dhéanamh chomh luath agus is féidir.
Duration
Dhá bhliain (MA); bliain amháin nó dhá bhliain (Teastas Iarchéime).
Post Course Info
Deiseanna Gairme
Baineann an-chuid deiseanna oibre leis an aistriúchán: mar fhéinfhostaíocht, mar shlí bheatha do dhaoine ar mhaith leo bheith ag obair sa bhaile, agus mar bhealach chun ioncam breise a ghnóthú don té atá ag obair i bpost lánaimseartha nó páirtaimseartha. Éiríonn le daoine a bhfuil cáilíocht aistriúcháin acu poist a fháil go rialta le gnólachtaí aistriúcháin, na meáin chumarsáide, eagraíochtaí Gaeilge, an tAontas Eorpach, agus eagraíochtaí stáit.