Léann Teanga
Cuirfear oiliúint ort i ngnéithe tábhachtacha den Léann Teanga. Áirítear orthu sin Cruinnscríobh na Gaeilge (ardchruinneas i scríobh na Gaeilge; léargas ar an téarmeolaíocht, mar aon le ceartúsáid uirlisí foclóireachta agus téarmaíochta), Modheolaíochtaí Taighde (modheolaíochtaí le haghaidh taighde iarchéime), an Scríbhneoireacht Acadúil (mar a mbeidh deis agat iris acadúil phiarmheasúnaithe ar líne a ullmhú). Lena chois sin, beidh deis agat speisialtóireacht a dhéanamh i gceann de na sainábhair seo a leanas:
Aistriúchán: Sa sainábhar seo, scrúdófar na modhanna is éifeachtaí chun téacsanna a aistriú go Gaeilge. Cíorfar na cineálacha téacsanna is mó a mbíonn aistritheoirí gairmiúla ag plé leo agus na dúshláin is suntasaí a bhaineann leis an nGaeilge mar sprioctheanga aistriúcháin. Beidh béim ar theicneolaíocht an aistriúcháin chun go mbeidh ar do chumas aghaidh a thabhairt ar an margadh fostaíochta agus na scileanna riachtanacha teanga agus teicneolaíochta araon sealbhaithe acu.
Pleanáil Teanga: Sa sainábhar seo, scrúdófar na coincheapa agus na beartais is nua-aimseartha sna réimsí éagsúla a thagann faoi scáth na pleanála teanga: an tsochtheangeolaíocht; an teangeolaíocht; an phleanáil straitéiseach. Tá an sainábhar seo dírithe ar dhaoine a bhfuil spéis acu i gcúrsaí teanga agus sna bealaí éagsúla ar féidir dul i bhfeidhm ar phobail teanga d’fhonn spriocanna sainiúla a bhaint amach. Breathnófar go mion ar ghnéithe a bhaineann leis an bpleanáil teanga sa chomhthéacs náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Subjects taught
Year 1 (30 Credits)
Required LT5101: An Scríbhneoireacht Acadúil - 10 Credits - Semester 1
Required LT101: Cruinnscríobh na Gaeilge I - 10 Credits - Semester 1
Required LT102: Cruinnscríobh na Gaeilge II - 10 Credits - Semester 2
Year 2 (60 Credits)
Optional LT116: Próiseas na Pleanála Teanga I - 5 Credits - Semester 3
Optional LT117: An Anailís Sochtheangeolaíochta I - 5 Credits - Semester 3
Optional LT6105: Aistriúchán Téacsanna 1 (Béarla-Gaeilge) - 5 Credits - Semester 3
Optional LT104: An tAistriúchán Ríomhchuidithe - 5 Credits - Semester 3
Optional LN6110: Eagarthóireacht agus Léamh Profaí - 5 Credits - Semester 3
Required CU103: Modheolaíochtaí Tionscadail agus Taighde - 5 Credits - Semester 3
Required LT121: An Tionscadal Taighde Féinstiúrtha - 30 Credits - Semester 3
Optional LT6106: Aistriúchán Téacsanna 1 (Fraincis-Gaeilge) - 5 Credits - Semester 3
Optional LT106: Aistriúchán Téacsanna Reachtaíochta - 5 Credits - Semester 3
Optional LT119: Próiseas na Pleanála Teanga II - 5 Credits - Semester 4
Optional LT110: An tAistriúchán Liteartha - 5 Credits - Semester 4
Optional LT120: An Anailís Sochtheangeolaíochta II - 5 Credits - Semester 4
Optional LT6110: Aistriúchán Téacsanna 2 (Fraincis-Gaeilge) - 5 Credits - Semester 4
Optional LT6109: Aistriúchán Téacsanna 2 (Béarla-Gaeilge) - 5 Credits - Semester 4
Optional LN6109: Aistriúchán Téacsanna Eorpacha - 5 Credits - Semester 4
Optional LN6107: Aistriúchán Téacsanna 3 (Béarla-Gaeilge) - 5 Credits - Semester 4
Required LT6102: Cleachtas Taighde agus Scríobh Tráchtais - 5 Credits - Semester 4
Optional LT107: An tAontas Eorpach - 5 Credits - Semester 4
Optional LT6116: Aistriúchán Téacsanna Reachtaíochta - 5 Credits - Semester 4
Entry requirements
Bunchéim 2.2 ag leibhéal 8 nó 2.2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar, mar aon le caighdeán sásúil i scríobh na Gaeilge—déanfar é seo a mheas le scrúdú iontrála. Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu, ach a bhfuil ar a laghad cúig bliana de thaithí ghairmiúil acu i réimse gaolmhar d’earnáil na teanga, iarratas a dhéanamh faoi chóras na hOllscoile d’Aitheantas don Réamhfhoghlaim (RPL).
Duration
2 years part-time
Dhá bhliain (páirtaimseartha)
Enrolment dates
Next start date September 2026
Post Course Info
Bíonn deis ag céimithe poist a aimsiú mar aistritheoirí sna hinstitiúidí Eorpacha.
Beidh na scileanna cuí teanga acu le tabhairt faoi rólanna sna earnáil phoiblí ina bhfuil gá le hardscileanna Gaeilge.
Gheobhaidh siad rólanna in earnáil na pleanála teanga mar oifigigh pleanála teanga nó mar thaighdeoirí.
Beidh deiseanna acu tabhairt faoi chéimeanna PhD i réimsí an aistriúcháin agus na pleanála teanga.
Beidh siad iniúil ar an bhfoilsitheoireacht acadúil.
More details
Qualification letters
MA/PDip
Qualifications
Degree - Masters (Level 9 NFQ),Postgraduate Diploma (Level 9 NFQ)
Attendance type
Full time,Daytime
Apply to
Course provider
