Léann Teanga
Do chúrsa
Is é aidhm an chúrsa seo oiliúint i ngnéithe den Léann Teanga a chur ar mhic léinn a chuirfidh ar a gcumas feidhmiú go gairmiúil trí Ghaeilge, in earnálacha éagsúla. Tabharfar léargas do na mic léinn ar bhunghnéithe faoi leith den Léann Teanga. Díríonn na mic léinn, trí mhodúil sainábhair, ar cheann amháin de na príomhdhisciplíní seo a leanas: Aistriúchán nó Pleanáil Teanga.
Cuirfear oiliúint ar fáil i ngnéithe tábhachtacha den Léann Teanga: Cruinnscríobh na Gaeilge, Modheolaíochtaí Taighde, an Scríbhneoireacht Acadúil, agus gnéithe den Chumarsáid Ghairmiúil.
Is féidir le mic léinn an MA sa Léann Teanga cur isteach ar Scoláireacht Mhic Dhonncha nó ar Sparánacht Choilm Uí Eocha; féach: www.nuigalway.ie/postgraduate_scholarships.
Entry requirements
Riachtanais Iontrála
Bunchéim 2.2 ag Leibhéal 8 nó 2.2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar, mar aon le caighdeán sásúil i scríobh na Gaeilge— déanfar é seo a mheas le scrúdú iontrála. Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu, ach a bhfuil ar a laghad cúig bliana de thaithí ghairmiúil acu i réimse gaolmhar d'earnáil na teanga, iarratas a dhéanamh faoi chóras na hOllscoile d'Aitheantas don Réamhfhoghlaim (RPL).
Application dates
CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH:
Níl aon dáta deiridh leagtha síos ag OÉ Gaillimh maidir le glacadh le hiarratais (seachas i gcásanna eisceachtúla). Eiseofar tairiscintí ar bhonn leanúnach. Cuirtear ina luí ar iarratasóirí iarratais a dhéanamh chomh luath agus is féidir.
Duration
Go páirtaimseartha thar dhá bhliain acadúla don Dioplóma Iarchéime. Scríobhfaidh mic léinn an MA tráchtas idir Aibreán agus Lúnasa tar éis an dara bliain. Lena chois sin, is féidir tabhairt faoin gclár seo ar bhonn modúil.
Post Course Info
Deiseanna gairme
Ullmhóidh an cúrsa seo thú chun tabhairt faoi ghairm in earnáil na teanga. I measc na n-eagraíochtaí a fhostaíonn mic léinn de chuid an chúrsa seo, tá institiúidí an Aontais Eorpaigh, institiúidí aistriúcháin de chuid an Stáit, cuideachtaí príobháideacha aistriúcháin, údaráis áitiúla, eagraíochtaí forbartha de chuid an Stáit, institiúidí oideachais, eagraíochtaí pobail, etc.