Léann Teanga - Speisialtóireacht sa Phleanáil Teanga

Tá an cúrsa seo á chur ar fáil ar mhaithe leo siúd ar spéis leo oiliúint i ngnéithe éagsúla den phleanáil teanga a chuirfeadh ar a gcumas a gcuid scileanna a fheidhmiú go gairmiúil, in earnáil na pleanála teanga. Scrúdófar na coincheapa agus na beartais is nua-aimseartha sna réimsí éagsúla a thagann faoi scáth na pleanála teanga: an tsochtheangeolaíocht; an beartas teanga; an teangeolaíocht; an phleanáil straitéiseach. Tá an sainábhar seo dírithe ar dhaoine a bhfuil spéis acu i gcúrsaí teanga agus sna bealaí éagsúla ar féidir dul i bhfeidhm ar phobail teanga d’fhonn spriocanna sainiúla a bhaint amach. Breathnófar go mion ar ghnéithe a bhaineann leis an bpleanáil teanga sa chomhthéacs náisiúnta agus idirnáisiúnta. Toisc gur foghlaim chumaisc (meascán de ranganna ar líne agus roinnt ceardlann ar an gcampas féin) atá i gceist, feileann an cúrsa seo thar cionn do dhaoine atá ag obair go lánaimseartha nó go páirtaimseartha.

Subjects taught

1. Required: LT116: Próiseas na Pleanála Teanga I (5 ECTS) (Semester 1)

Is é aidhm an mhodúil seo go mbeadh tuiscint ag an mac léinn ar an bpleanáil teanga mar choincheap agus ar an bpróiseas a bhaineann léi mar chleachtas agus mar ghníomh feidhmeach.

2. Required: LT117: An Anailís Sochtheangeolaíochta I (5 ECTS) (Semester 1)

Sa mhodúl seo, déanfar plé ar stair agus ar fhorás na sochtheangeolaíochta mar réimse léinn. Ó tharla gur mian le haos léinn na sochtheangeolaíochta staidéar a dhéanamh ar an spás idir an teanga agus an tsochaí, pléifear na hiarmhairtí a bhaineann le cúpla pobal teanga a bheith buailte ar a chéile. Mar sin, cíorfar an bunús teoiriciúil a bhaineann le feidhmiú an dátheangachais, an ilteangachais agus na débhéascna i gcineálacha éagsúla pobail chomh maith leis an toradh a bhíonn ar an teagmháil teangacha.

3. Required: LT119: Próiseas na Pleanála Teanga II (5 ECTS) (Semester 2)

Sa mhodúl seo, déanfar plé agus anailís ar chúrsaí pleanála teanga in Éirinn le fiche bliain anuas; is é sin ó bhí casadh na mílaoise ann. Agus obair an tseimeastair á cur i gcrích, beifear ag cur leis an gcúlra stairiúil agus teoirice a pléadh sa chéad seimeastar. Is iomaí cáipéis taighde agus beartais a foilsíodh le fiche bliain anuas: Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta (2002); Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007). Sa mhodúl seo, breathnófar ar na tátail a baineadh as na cáipéisí taighde sin chomh maith leis an bhfreagra a thug an stát orthu sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus in Acht na Gaeltachta 2012 go háirithe.

4. Required: LT120: An Anailís Sochtheangeolaíochta II (5 ECTS) (Semester 2)

Sa mhodúl seo, déanfar plé agus anailís ar phróiseas an aistrithe teanga agus ar na comharthaí sóirt a bhaineann leis. Pléifear an tionchar a bhíonn ag an aistriú teanga ní hamháin ar an bpobal urlabhra, ach ar an gcineál teanga a labhraítear chomh maith céanna. Músclaíonn sé seo ceisteanna idé-eolaíochta a bhaineann le dlisteanas agus barántúlacht teanga. Déanfar plé, mar sin, ar an measúnú a dhéanann an pobal urlabhra ar leaganacha nua cainte a thagann chun cinn ina measc mar thoradh ar phróiseas an aistrithe teanga. Cuirfear oiliúint ar an mac léinn cén chaoi le hanailís dioscúrsa a dhéanamh, ar thras-scríbhinní agallaimh, mar shampla, chun go bhféadfaí léargas a fháil ar an idé-eolaíocht atá ag cainteoir i leith na héagsúlachta teanga.

5. Required LT6101: An Caighdeán Oifigiúil (10 ECTS) (Semester 1 and 2)

Is é aidhm an mhodúil seo stair, forbairt agus feidhm an Chaighdeáin Oifigiúil a mheas.

Entry requirements

Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag Leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar.

Application dates

Closing Date
Ar bhonn rollach—féach: Spriocdhátaí https://www.universityofgalway.ie/postgrad-admissions/key-dates/

Cuirtear isteach ar an gclár seo ar líne. Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine atá ag obair in earnáil na forbartha teanga nó pobail sa Ghaeltacht nó in earnáil na Gaeilge go náisiúnta chomh maith le daoine eile a bhfuil spéis acu san ábhar seo.

Duration

Bliain amháin, lán-aimseartha

Enrolment dates

Next start date Meán Fómhair 2024

Post Course Info

Career Opportunities
Baineann an-chuid deiseanna oibre leis an bpleanáil teanga, san earnáil phoiblí go háirithe. Agus an próiseas pleanála teanga á chur i bhfeidhm faoi láthair, is iomaí post atá ar fáil mar Oifigeach Pleanála Teanga sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, sna Baillte Seirbhíse Gaeltachta chomh maith leis na Líonraí Gaeilge. Ina theannta sin, rachadh eolas ar an bpleanáil teanga chun tairbhe dóibh siúd a oibríonn sna comharchumainn Ghaeltachta nó ar choistí pleanála teanga go háitiúil. Baill foirne a oibríonn i ngníomhaireachtaí stáit ar mian leo cáilíocht a bhaint amach sa phleanáil teanga nó eolas a bheith acu ar na dualgais atá orthu faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021).

More details
  • Qualifications

    Graduate Certificate

  • Attendance type

    Daytime,Full time

  • Apply to

    Course provider