Nua-Ghaeilge
Do Chúrsa
Má tá fonn ortsa cur le caighdeán do chuid Gaeilge agus eolas breise a fháil ar litríocht, ar stair agus ar chultúr na teanga, seo é an cúrsa duitse. Gheobhaidh tú scileanna taighde, anailíse agus cumarsáide den chéad scoth a rachaidh chun do leasa sa saol gairmiúil trí chéile.
Sa chúrsa idirdhisciplíneach seo, déanfaidh tú anailís chriticiúil ar réimsí éagsúla de léann comhaimseartha na Gaeilge: an Chritic Liteartha, an Chritic Chultúir agus Shóisialta agus an tSochtheangeolaíocht. Déanfaidh tú taighde nuálach, neamhspleách ar shainábhar de do rogha féin agus léireoidh tú an taighde sin i bhfoirm tráchtais. MA i Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr is ea an cúrsa seo, ar féidir é a mhúnlú de réir do chuid suimeanna; féach sonraí ar an suíomh idirlín.
Is MA é seo i Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr.
Entry requirements
Riachtanais iontrála
Ní mór d'iarrthóirí céim dara honóracha 2.2 (ag leibhéal a 8 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí) a bheith acu, le 2.1 sa Ghaeilge. Glacfar le hiarratais ó iarrthóirí a bhfuil céim 2.1 nó a comhionann acu in ábhar eile, ach caithfidh siad Stiúrthóir Acadúil an chúrsa a shásamh go bhfuil cumas dóthanach acu sa Ghaeilge chun tabhairt faoin gcúrsa, trí scrúdú agus/ nó agallamh a dhéanamh. Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu, ach a bhfuil cúig bliana de thaithí chuí ghairmiúil acu, iarratas a dhéanamh faoi chóras na hOllscoile d'Aitheantas don Réamhfhoghlaim (RPL).
Application dates
Cathain Iarratas A Dhéanamh:
Níl aon dáta deiridh leagtha síos ag OÉ Gaillimh maidir le glacadh le hiarratais (seachas i gcásanna eisceachtúla). Eiseofar tairiscintí ar bhonn leanúnach. Cuirtear ina luí ar iarratasóirí iarratais a dhéanamh chomh luath agus is féidir.
Duration
1MNG1: 1 bhliain, lánaimseartha; 1MNG2: 2 bhliain, páirtaimseartha.
Post Course Info
Deiseanna Gairme
Téann céimithe le MA sa Nua-Ghaeilge ag obair sa saol acadúil agus in earnáil an oideachais trí chéile agus in earnálacha mar an fhoilsitheoireacht, an tionscal oidhreachta, an státseirbhís, agus seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta. Ina theannta sin, téann siad leis an iriseoireacht, idir chlóite, leictreonach agus chraolta, le heagraíochtaí mar TG4, RTÉ agus RTÉ Raidió na Gaeltachta agus stáisiúin réigiúnacha agus áitiúla eile. Bíonn iarchéimithe linn ag obair freisin in earnáil na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre, le leithéidí Údarás na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta, Gaillimh le Gaeilge agus eagraíochtaí eile. Más céimí de chuid OÉ Gaillimh thú, beidh deis agat ar Sparánacht Choilm Uí Eocha. Duais €3,000 í seo, a bhronntar gach bliain ar an té is airde marcanna ina gcéim agus atá cláraithe ar chúrsa iarchéime a mhúintear trí Ghaeilge.