Nua-Ghaeilge - Modern Irish
undefined

Maynooth University

Nua-Ghaeilge - Modern Irish

Eolas faoin gCúrsa

Is féidir an chéim seo a dhéanamh go lánaimseartha (bliain amháin) nó go páirtaimseartha (dhá bhliain). Trí mheán scrúduithe agus tionscnaimh taighde a dhéantar obair na mac léinn a mheas.

Bíonn deis ag mic léinn tabhairt faoi thograí sa chleachtas cruthaitheach i réimse na dtaibhealaíon, an traidisiúin bhéil, agus/nó na scríbhneoireachta cruthaithí mar chuid den chúrsa chomh maith más mian leo. Chomh maith leis seo, bíonn rogha ag an mac léinn idir tráchtas (NG699) agus togra sa taighde ealaíonta (NG637). Tá roghanna iontacha ann do mhic léinn sa chúrsa seo laistigh de na conairí éagsúla atá ar fáil dóibh:

Cruinneas, Saibhreas, agus Cumarsáid (Na Meáin)
Litríocht agus Critic
Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge
An MA Nua-Ghaeilge ginearálta

Subjects taught

Struchtúr an Chúrsa

Is é aidhm an MA againn go gcuirfidh mic léinn eolas domhain ar roinnt gnéithe de theanga, de chultúr agus de litríocht na Nua-Ghaeilge (ó 1200 AD i leith) agus go mbeidh saineolas acu ar réimse amháin díobh sin de bharr a gcuid taighde.

Tá ceithre chonair ar fáil do mhic léinn mar chuid den MA Nua-Ghaeilge:

Cruinneas, Saibhreas, agus Cumarsáid (Na Meáin)
Litríocht agus Critic
Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge
An MA Nua-Ghaeilge ginearálta
Seo hiad na cóid ar an gcóras PAC ar líne le cur isteach ar aon cheann de na roghanna 1-4 thuas: MHU50 Lánaimseartha NÓ MHU51 Páirtaimseartha.

Tá tuilleadh eolais faoi na sruthanna MA thuas le fáil ar shuíomh idirlín Roinn na Nua-Ghaeilge.

Entry requirements

Riachtanais Iontrála

Bunchéim Onóracha le Dara hOnóracha grád 2 (II.2) ar a laghad sa Nua-Ghaeilge agus grád II.1 ar a laghad i modúil na teanga. Bíonn agallamh i gceist mar chuid den mheasúnú iontrála.

Application dates

All applications should be made through the PAC system.

Closing Date : 30 June 2021

Duration

1 year full-time, 2 years part-time

Fees

In general, there are two levels of fees payable. EU students from EU countries including Ireland pay a subsidised level of fees for both taught courses and research programmes. Tuition fees for students from outside the EU are not subsidised and are thus somewhat higher than for EU students.

Post Course Info

Deiseanna Fostaíochta

Múinteoireacht ar an dara nó ar an tríú leibhéal; aistritheoireacht; iriseoireacht, na healaíona Gaeilge agus Gaeltachta agus na meáin chumarsáide; riarachán. Is féidir le mic léinn a n-éiríonn go maith leo sa chúrsa seo tabhairt faoi PhD sa Nua-Ghaeilge.

More details
  • Qualification letters

    MA

  • Qualifications

    Degree - Masters (Level 9 NFQ)

  • Attendance type

    Full time,Part time,Daytime

  • Apply to

    PAC