Nua Ghaeilge - Research

Is í aidhm an chláir ná clár struchtúrtha dochtúireachta sa Nua-Ghaeilge a chur ar fáil do mhic léinn ar mian leo tabhairt faoi ardtaighde i réimsí áirithe den disciplín. Is iad cuspóirí an chláir ná scileanna cineálacha.

Mar chuid den chlár struchtúrtha dochtúireachta sa Nua-Ghaeilge, bíonn ar gach mac léinn réimse modúl a chur i gcrích gur fiú 30 creidiúint ar fad iad, chomh maith le togra mór taighde a chuirfear i gcrích faoi stiúir ba(i)ll foirne. Cuirtear stiúrthóirtheacht ar fáil sna réimsí ardtaighde seo a leanas:

1. PhD Nua-Ghaeilge (Tráchtas)

Tráchtas scríofa c. 80,000 focal ar aon ghné de Léann na Gaeilge

2. PhD Nua-Ghaeilge (Taighde Ealaíonta)

Bíonn ar mhic léinn PhD sa Taighde Ealaíonta dhá ghné ar leith a chur i gcrích mar chuid dá gcúrsa taighde: (1) tráchtas c. 40,000 focal (.i. scríbhneoireacht bunaithe ar an taighde acadúil agus/nó féinmhachnamh substaintiúil ar an gcleachtas cruthaitheach) (2) togra taighde ealaíonta, mar shampla ceadal mór ceoil, togra feidhmeach amharclannaíochta, togra feidhmeach scannánaíochta, togra sa scríbhneoireacht chruthaitheach, togra feidhmeach sna healaíona traidisiúnta nó comhaimseartha, togra feidhmeach damhsa, togra feidhmeach sna healaíona pobail, nó togra ar aon ábhar cruthaitheach oiriúnach eile a bhaineann leis na healaíona Gaeilge nó Gaeltachta. Is i gcomhpháirt leis an bhfoireann stiúrthóireachta agus leis an gCeann Roinne a shocraítear teorainneacha agus riachtanaisí an togra taighde ealaíonta, agus is é Déan na nDán, an Léinn Cheiltigh, agus na Fealsúnachta a cheadóidh agus a dheimhneoidh sula bhfógrófar don Oifig Staidéir Iarchéime, a nótálfaidh. Cuirfear sceideal agus socruithe scrúdaitheoireachta, faoi mar a oireann don dearadh ar leith ar an togra atá idir lámha, in iúl don mhac léinn i scríbhinn i dtosach na dara bliana. Beidh dhá phointe scrúdaitheoireachta ann mar seo a leanas: (1) breithniú ar an togra taighde ealaíonta féin agus (2) viva voce tar éis don tráchtas a bheith sínte isteach. Sa chás gur ócáid phoiblí ealaíne nó taibhiú poiblí atá i gceist leis an togra taighde ealaíonta, beidh na scrúdaitheoirí i láthair ag an ócáid sin.

Déanfar an clár a sheachadadh trí mhodúil mhúinte chineálacha, inaistrithe, sainiúil don ábhar, agus trí shainmhodúil a chuirfidh an Roinn agus ranna eile sa Dámh ar fáil, agus, más cuí, modúil a chuirtear ar fáil in institiúidí eile in Éirinn nó thar sáile, trí cheachtanna praiticiúla, cur i láthair páipéar comhdhála, freastal ar mháistir-ranganna agus/nó scoileanna samhraidh/geimhridh.

Entry requirements

Bunchéim onóracha le dara honóracha grád 1 (II.1) sa Nua-Ghaeilge a theastaíonn le haghaidh na céime seo. Is gnách go mbíonn iarchéim (MA, MLitt onóracha) acu siúd a thugann faoi PhD sa Nua-Ghaeilge. Is féidir an chéim seo a dhéanamh go lánaimseartha nó go páirtaimseartha. Ba cheart teagmháil a dhéanamh le Roinn na Nua-Ghaeilge mar a bhfaighfear a thuilleadh eolais agus foirm iarratais.

I gcás iarrthóirí don PhD sa Nua-Ghaeilge (Taighde Ealaíonta), anuas ar na riachtanais ghinearálta thuasluaite, beifear ag súil go mbeidh taithí shuntasach ina réimse speisialtóireachta ealaíonta ag an iarrthóir agus ardchaighdeán sroichte acu cheana féin ó thaobh scileanna cruthaitheacha de. I gcásanna eisceachtúla, mar shampla nuair is ealaíontóirí traidisiúnta nó comhaimseartha le taithí na mblianta atá i gceist, is féidir cumas an iarrthóra sa Ghaeilge a mheas neamhspleách ar cháilíochtaí na bunchéime ach foirm iarratais sa bhfoghlaim ó thaithí (R8) a chur faoi bhráid na hOllscoile.

Duration

4 years Full-time, 6 years Part-time.

Fees

In general, there are two levels of fees payable. EU students from EU countries including Ireland pay a subsidised level of fees for both taught courses and research programmes. Tuition fees for students from outside the EU are not subsidised and are thus somewhat higher than for EU students.

Enrolment dates

Tús an chúrsa Meán Fómhair (nó am eile a shocrófar)

Post Course Info

Déanfar an clár a sheachadadh trí mhodúil mhúinte chineálacha, inaistrithe, sainiúil don ábhar, agus trí shainmhodúil a chuirfidh an Roinn agus ranna eile sa Dámh ar fáil, agus, más cuí, modúil a chuirtear ar fáil in institiúidí eile in Éirinn nó thar sáile, trí cheachtanna praiticiúla, cur i láthair páipéar comhdhála, freastal ar mháistir-ranganna agus/nó scoileanna samhraidh/geimhridh.

Research

Is iad seo a leanas príomhréimsí taighde na Roinne:
Gearrscéalaíocht na Gaeilge, Teoiricí liteartha, An Nua-Ghaeilge Mhoch, An Nuafhilíocht, Stair na Gaeilge, Canúineolaíocht, Teangeolaíocht, An Rúraíocht, An Fhiannaíocht, Logainmneacha, Gaeilge na hAlban, Litríocht an Seachtú hAois Déag, Béaloideas, Litríocht Chráifeach na Gaeilge, Pailéagrafaíocht. Scríobhtar tráchtas ar ghné de litríocht nó de theanga na Nua-Ghaeilge. Is faoi stiúir Ollamh na Nua-Ghaeilge nó faoi stiúrthóir eile de chuid na Roinne a dhéantar seo.

An tOllamh Ruairí Ó hUiginn
Ar na réimsí spéise atá aige tá teangeolaíocht na Gaeilge, an chomhréir go háirithe, an Ruraíocht, an Fhiannaíocht, Logainmneacha agus ainmneacha pearsanta na Gaeilge.

An Dr Brian Ó Catháin
Réimsí taighde: teangeolaíocht agus sochtheangeolaíocht na Gaeilge, an béaloideas. An Dr Aisling Ní Dhonnchadha Réimsí taighde: próslitríocht na hAthbheochana, stair an ghearrscéil Ghaeilge, irisí liteartha na Gaeilge, téama na himirce sa litríocht.

An Dr Tadhg Ó Dúshláine
Spéis ar leith aige sa litríocht bharócach, sa scríbhneoireacht chruthaitheach, litríocht Chorca Dhuibhne agus traidisiún liteartha Chathair Chorcaí.

An Dr Tracey Ní Mhaonaigh
Tá sí ag obair faoi láthair ar an mórshaothar foclóireachta Croidhe Cainnte Chiarraighe (a thiomsaigh Seán Óg Ó Caomhánaigh) a réiteach don chló.

An Dr Lára Ní Mhaoláin
Prós na Nua-Ghaeilge Moiche maille le pailéagrafaíocht agus eagarthóireacht ar théacsanna na príomhréimse taighde atá aici. Tá eagrán nua leictreonach de Táin
Bó Fliodhaise á réiteach aici faoi láthair.

An Dr Eoghan Ó Raghallaigh
Tá saothrú déanta aige ar fhilíocht na Scol. Ina chomheagarthóir ar an díolaim mhór filíochta A miscellany of bardic verse (BÁC 2010).

More details
  • Qualification letters

    PhD

  • Qualifications

    Degree - Doctoral (Level 10 NFQ)

  • Attendance type

    Full time,Part time,Daytime

  • Apply to

    PAC