Nua-Ghaeilge Struchtúrtha

Mar chuid den oiliúint dochtúireachta a sholáthraítear do chlár an PhD Struchtúrtha, tá réimse leathan modúl idirdhisciplíneach ar fáil.

Baineann roinnt de na modúil seo go sainiúil leis an disciplín ina n-oibríonn an mac léinn agus déantar iad a sholáthar chun cur le heolas an mhic léinn ar a shainréimse taighde. Soláthraíonn modúil eile scileanna lárnacha atá riachtanach chun an tionscadal taighde a chur i gcrích. Cabhraíonn NG 523 (Teanga na Nua-Ghaeilge) leis an mac léinn barr feabhais a chur ar a chuid eolais ar cheart na Gaeilge agus ar a scileanna scríbhneoireachta idir bhuncheapadóireacht agus aistriúchán. An líofacht teanga a shealbhóidh an mac léinn i gcaitheamh a tréimhse staidéir, cuirfidh sí go mór lena acmhainn infhostaitheachta in earnáil na Gaeilge.

Chun taithí bhreise a chur ar fáil don mhac léinn agus tacú lena fhorbairt ghairmiúil, beidh sé páirteach sa chomhdháil bhliantúil a eagraíonn Roinn na Gaeilge sa chéad seimeastar den bhliain acadúil agus freastalóidh sé/sí ar sheimineáir thaighde eile de chuid na Roinne.

Entry requirements

Ní mór d’iarrthóirí céim dara honóracha 2.1 (ag leibhéal a 8 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí) a bheith acu, le 2.1 sa Ghaeilge.

Application dates

Course Code: PHDS-NUAG
Applications are made online via the NUI Galway Postgraduate Applications System.

Research

An Dr. Clodagh Downey
Teanga agus litríocht na Sean- agus na Meán-Ghaeilge; filíocht na Meán-Ghaeilge. Ag obair faoi láthair ar staidéar de gach ar chum Cúán Úa Lothcháin agus ar eagrán dá shaothar.

An Dr. Graham Isaac
Teangeolaíocht chomparáideach agus ghinearálta na dteangacha Ceilteach agus na hInd-Eorpaise; sean-teangacha Ceilteacha mhór-roinn na hEorpa; litríocht na Sean- agus na Meán-Bhreatnaise (go háirithe an fhilíocht); na meadarachtaí.

An Dr. Rióna Ní Fhrighil
Prós agus filíocht an 20ú haois; an chritic liteartha; an litríocht taistil; teoiric an aistriúcháin; an teangeolaíocht fheidhmeach; an fhoghlaim ríomhchuidithe.

An Dr. Lesa Ní Mhunghaile
Filíocht an 17–19ú haois; traidisiún na lámhscríbhinní déanacha; oidhreacht Oirialla; na laoithe Fiannaíochta; lucht an chinsil agus saíocht na Gaeilge; An Seabhac agus athbheochan na Gaeilge; an Ghaeilge i gCeanada sa 19ú haois.

An Dr. Liam Ó hAisibéil
Ainmeolaíocht—logainmneacha, ainmneacha pearsanta, buafhocail aidiachtúla agus leasainmneacha na Gaeilge, ainmneacha sléibhe; béaloideas—traidisiún na scéalaíochta, ábhar Gaeilge i mBailiúchán na Scol; an tsibhialtacht Cheilteach agus forbairt na litríochta sa Ghaeilge.

An Dr. Lillis Ó Laoire
Comhthéacs, taibhléiriú agus cur i láthair an chultúir; teoiric léann an bhéaloidis; tionchar an náisiúnachais ar an bhéaloideas; modhanna bailithe an bhéaloidis; an béaloidis sa saol domhandaithe; an t-amhrán in Éirinn agus in Albain; an nualitríocht; an litríocht réigiúnach.

An Dr. John Walsh
Sochtheangeolaíocht na Gaeilge; sochtheangeolaíocht chomparáideach; reachtaíocht teanga; canúineolaíocht; an Bhreac-Ghaeltacht; meáin chumarsáide agus mionteangacha; teanga agus forbairt shocheacnamaíoch.

More details
  • Qualification letters

    PhD

  • Qualifications

    Degree - Doctoral (Level 10 NFQ)

  • Attendance type

    Full time,Part time,Daytime

  • Apply to

    Course provider