Oideachas - Máistir Gairmiúil san Iar-bhunscoil - Post Primary Teaching
Do Chúrsa
Clár máistreachta go hiomlán trí mheán na Gaeilge é an Máistir Gairmiúil san Oideachas. Déantar an clár in oideachas tosaigh múinteoirí dara leibhéal seo go lánaimseartha thar dhá bhliain agus tá sé aitheanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta chun críocha clárúcháin mar mhúinteoir iar-bhunoideachais in Éirinn.
Ar an gclár, forbraíonn múinteoirí faoi oiliúint creat coincheapúil a thacaíonn le foghlaim agus teagasc cruthaitheach a dhéanamh trí Ghaeilge ag leibhéal na h-iarbhunscoile agus san earnáil Ghaeltachta agus Ghaelscolaíochta ach go háirithe. Leagtar an-bhéim ar theicneolaíocht agus ar chumas múinteoirí faoi oiliúint cuir chuige agus áiseanna ilmheánacha a chruthú agus a úsáid go héifeachtach sa seomra ranga.
Entry requirements
Riachtanais Iontrála
Bunchéim ag Leibhéal 8. Ní mór d'iarratasóirí caighdeán maith Ollscoile a beith acu i dtaca le labhairt agus scríobh na Gaeilge agus mar chuid den nós imeachta iarratais, tá scrúdú béil le déanamh.
Application dates
SPRIOCDHÁTA: 31ú Eanáir 2022.
Duration
2 bhliain lánaimseartha.
Post Course Info
Deiseanna Gairme
Tabharfaidh an cháilíocht seo deiseanna fostaíochta do chéimithe in earnáil an oideachais in Éirinn agus thar lear. Tá an tóir ag earnáil an Ghaeloideachais ar chéimithe an MGO.