Próiseas na Pleanála Teanga II - Micro-credential

Sa mhodúl seo, déanfar plé agus anailís ar chúrsaí pleanála teanga in Éirinn le fiche bliain anuas; is é sin ó bhí casadh na mílaoise ann. Agus obair an tseimeastair seo á cur i gcrích, beifear ag cur leis an gcúlra stairiúil agus teoirice a pléadh sa chéad seimeastar. Is iomaí cáipéis taighde agus beartais a foilsíodh le fiche bliain anuas: Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta (2002); Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007). Sa mhodúl seo, breathnófar ar na tátail a baineadh as na cáipéisí taighde sin chomh maith leis an bhfreagra a thug an stát orthu sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus in Acht na Gaeltachta 2012 go háirithe. Is in Acht na Gaeltachta 2012 a leagtar amach próiseas na pleanála teanga in Éirinn, bíodh sin sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta nó sna Líonraí Gaeilge. Caithfear solas ar bhuanna agus ar laincisí an chórais sin (Ó Giollagáin, 2014b; Ní Dhúda, 2017; Walsh, 2021; Ó Ceallaigh, 2021, 2022) agus déanfar measúnú ar dhornán pleananna teanga a d’eascair as. Mar chrann taca ag an bpróiseas pleanála teanga, breathnófar ar an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta (2017-2022) chomh maith leis an obair a dhéanann an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta i réimse an teaghlaigh.

Beidh an modúl seo feiliúnach d’oibrithe pobail agus teanga sna ceantair phleanála teanga a luaitear in Acht na Gaeltachta. Beidh buntáiste acu siúd atá ag obair cheana féin in earnáil na Gaeilge go naisiúnta agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á feidhmiú acu.

Entry requirements

Applicants should be over 21 years.

Bunchéim ag leibhéal 8

Beidh an modúl seo feiliúnach d’oibrithe pobail agus teanga sna ceantair phleanála teanga a luaitear in Acht na Gaeltachta. Beidh buntáiste acu siúd atá ag obair cheana féin in earnáil na Gaeilge go naisiúnta agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á feidhmiú acu.

Application dates

From the 1st April 2024 you can apply for any University of Galway Micro-credential through our Online Application Portal.

When completing your application please make sure to apply under CPC 17 (Arts and Social Science Postgrad) in the drop-down menu after selecting Standalone Module- Continuing Professional Development.

For this micro-credential, please copy and paste or type this into the text box under Module Name: LT119

Duration

12 weeks, part-time

Reáchtáiltear dhá cheardann deireadh seachtaine in aghaidh an tseimeastair.

The mode of study for this Micro-credential is Blended Learning (in-person and online).

Enrolment dates

Academic Year 2024/25, Semester TBC.

More details
  • Attendance type

    Part time,Blended

  • Apply to

    Course provider