Translating & Editing - Aistriúchán Agus San Eagarthóireacht - Ar Líne

De bhrí go bhfuil ardú stádais bainte amach ag an nGaeilge in Éirinn agus san Eoraip le roinnt blianta anuas, tá méadú tagtha ar an éileamh atá ar dhaoine a bhfuil ardscileanna teanga acu sa Ghaeilge. Cuireadh an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht ar bun sa bhliain 2007 le freastal ar an éileamh sin, agus tá idir rath agus ráchairt air ó shin i leith.



Forléargas



Tá an Dioplóma Iarchéime/MA san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht dírithe ar dhaoine atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna teanga, agus scileanna aistriúcháin agus eagarthóireachta a fhoghlaim. Cúrsa praiticiúil atá ann ina ndírítear ar chruinneas Gaeilge agus ar chúrsaí stíle, ar fhadhbanna a thagann chun cinn go minic san aistriúchán Béarla-Gaeilge, ar ghnéithe den teoiric a bhfuil feidhm phraiticiúil leo, ar scileanna teicneolaíochta, agus ar chleachtais ghnó agus ghairmiúla in earnáil an aistriúcháin agus na heagarthóireachta. Cuirtear béim láidir ar scileanna eagarthóireachta sa chúrsa freisin, sa dóigh is go mbeidh na rannpháirtithe in ann a saothar féin agus saothar daoine eile a athbhreithniú go héifeachtach.



Cé go bhfuil an clár dírithe go príomha ar dhaoine atá ag obair mar aistritheoirí cheana féin agus ar dhaoine a bhfuil sé i gceist acu dul ag obair san earnáil sin, rachadh sé chun sochair freisin do dhaoine a bhíonn ag obair trí Ghaeilge in earnáil ar bith agus ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga.



Is cúrsa ar líne é an Dioplóma Iarchéime/MA san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht, rud a fhágann gur féidir le mic léinn ó gach cearn den domhan tabhairt faoi. Agus de bhrí gur cúrsa páirtaimseartha é, beidh rannpháirtithe in ann freastal air in ainneoin cúraimí eile oibre nó teaghlaigh a bheith orthu.



Cáilíocht: Ón Dioplóma Iarchéime go MA



Is cúrsa páirtaimseartha thar dhá bhliain é an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht, agus bronnfar Dioplóma Iarchéime orthu siúd a bhainfidh an pasmharc de 60% amach ag deireadh an chúrsa. Tabharfar deis do na mic léinn sin a bhainfidh 65% nó os a chionn amach sa Dioplóma Iarchéime tráchtas a scríobh agus MA a bhaint amach. Is idir mí Mheán Fómhair agus mí Lúnasa, tar éis dóibh an Dioplóma Iarchéime a chríochnú, a bheidís ag gabháil don chéim bhreise sin.



Scoláireachtaí agus duaiseanna



Bronnfar scoláireachtaí ar fiú táillí iomlána an chúrsa iad ar an mbeirt is fearr a chruthóidh sa scrúdú iontrála. Ní chuirfear san áireamh ach na hiarrthóirí a thugann faoin bpríomhscrúdú iontrála, scrúdú ar líne ar an 10 Iúil 2026, agus na scoláireachtaí á mbronnadh; má chailleann iarrthóir an príomhscrúdú iontrála sin, seans go dtabharfar deis dó an scrúdú iontrála a dhéanamh ar dháta eile chun áit a ghnóthú ar an gcúrsa, ach ní bheidh sé i dteideal ceann de na scoláireachtaí, fiú má ghnóthaíonn sé ceann de na marcanna is airde sa scrúdú sin.



Ceisteanna coitianta



Tá freagraí ar na ceisteanna is coitianta a bhíonn ag daoine faoin gcúrsa ar fáil anseo.



Fad an chúrsa



Is cúrsa páirtaimseartha thar dhá bhliain acadúil é an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (ar líne).



Tabharfar deis do na mic léinn sin a bhainfidh an caighdeán cuí amach sa Dioplóma Iarchéime (65% nó os a chionn) MA a bhaint amach. Is idir mí Mheán Fómhair agus



mí Lúnasa, tar éis dóibh an Dioplóma Iarchéime a chríochnú, a bheidís ag gabháil don chéim bhreise sin. Tá líon na n-áiteanna ar an gclár MA teoranta.



Modh teagaisc



Is cúrsa ar líne é an Dioplóma Iarchéime/MA san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht. Foilsítear ábhar an chúrsa ar an ardán ríomhfhoghlama Moodle, agus is féidir leis na mic léinn staidéar a dhéanamh ar na nótaí agus tabhairt faoi na cleachtaí ag am a oireann dóibh féin. Cuireann an teagascóir aiseolas an-mhion ar fáil i gcás gach cleachtaidh. Reáchtáiltear ranganna beo ar líne mar thacaíocht bhreise, agus cuirtear taifeadadh ar fáil de na ranganna sin dóibh siúd nach féidir leo freastal ar na ranganna. Reáchtáiltear seimineár lae uair sa bhliain le deis a thabhairt do na mic léinn scileanna praiticiúla a fhoghlaim, agus baintear leas as fóram plé chun teagmháil rialta agus díospóireacht a chothú idir an teagascóir agus na mic léinn.



Measúnú



Beidh scrúdú le déanamh ar líne i ngach modúl i mí Eanáir agus i mí na Bealtaine. Beidh mórthascanna le déanamh ag na mic léinn i gcaitheamh na bliana. Tá tuilleadh eolais faoi na scrúduithe agus faoi na mórthascanna sa chur síos ar na modúil éagsúla.



Is é 60% an pasmharc sa Dioplóma Iarchéime agus san MA araon. Ní thabharfar deis tráchtas a scríobh agus MA a bhaint amach ach do mhic léinn a gheobhaidh 65% nó os a chionn i scrúduithe an Dioplóma Iarchéime.



Cáilíocht



Is fiú 60 ECTS an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht agus is fiú 90 ECTS an MA. Tá an Dioplóma Iarchéime agus an MA araon ag leibhéal a naoi ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí.



Riachtanais fágála, Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) agus an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge



Agus iad ag ceadú maoiniú d'institiúidí faoin Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge, leag an tÚdarás um Ard-Oideachas agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta síos an coinníoll go mbeidh ar iarrthóirí a bheidh ag críochnú na gcúrsaí atá maoinithe faoin scéim sin in 2026 tabhairt faoi Scrúdú TEG Ardleibhéal 1 (C1) in 2026 nó a léiriú go bhfuair siad pas sa scrúdú sin in 2024 nó in 2025. Tá eolas faoi dhátaí scrúduithe TEG ar fáil anseo.



Tá gach eolas faoi na scrúduithe (siollabas, scrúduithe samplacha, ceisteanna coitianta) le fáil anseo.



Cé go bhfuil sé éigeantach tabhairt faoi Scrúdú TEG Ardleibhéal 1 (C1), meabhraítear d'iarrthóirí gur fúthu féin atá sé an t-ullmhúchán cuí a dhéanamh, agus nach mbeidh



aon tionchar ag na torthaí a gheobhaidh siad sa scrúdú sin ar an gcáilíocht a bhronnfaidh Ollscoil Mhá Nuad orthu.


Subjects taught

Please see course webpage below for module details.

Entry requirements

Riachtanais iontrála

1. Bunchéim (ní gá gur céim sa Ghaeilge a bheadh ann).

2. Pas i scrúdú iontrála teanga (gramadach, ceartúsáid na teanga, aistriúchán agus píosa scríbhneoireachta). Tá scrúdú samplach iontrála ar fáil ach cliceáil anseo thíos.



Scrúdú iontrála

3. Agallamh



Beidh an scrúdú iontrála ar siúl ar líne Dé hAoine, an 28 Meitheamh 2024.



Tábhachtach: Bronnfar scoláireachtaí ar fiú táillí iomlána an chúrsa iad ar an mbeirt is fearr a chruthóidh sa scrúdú iontrála. Ní chuirfear san áireamh ach na hiarrthóirí a thugann faoin bpríomhscrúdú iontrála (28 Meitheamh 2024) agus na scoláireachtaí á mbronnadh. Má chailleann iarrthóir an príomhscrúdú iontrála sin, seans go dtabharfar deis dó an scrúdú iontrála a dhéanamh ar dháta eile chun áit a ghnóthú ar an gcúrsa, ach ní bheidh sé i dteideal ceann de na scoláireachtaí, fiú má ghnóthaíonn sé ceann de na marcanna is airde sa scrúdú sin.



Tá líon teoranta spásanna ar fáil ar an gcúrsa seo. Tabharfar tairiscintí d'iarrthóirí bunaithe ar na marcanna a gheobhaidh siad sa scrúdú scríofa. B'fhéidir go dtarlóidh go mbeidh Lárionad na Gaeilge ag iarraidh iarrthóirí a chur faoi agallamh mar chuid den phróiseas iarratais.

Application dates

Closing Date : 03 July 2026

Duration

Cúrsa páirtaimseartha ar líne thar dhá bhliain

Part-time online course over two years

Post Course Info

Cé go bhfuil an clár dírithe go príomha ar dhaoine ar mian leo a bheith ag obair mar aistritheoirí agus mar eagarthóirí, agus ar dhaoine atá ag obair sna hearnálacha sin cheana féin, rachadh sé chun sochair freisin do dhaoine a bhíonn ag obair trí Ghaeilge in earnáil ar bith agus ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga.



Tá céimithe de chuid an chúrsa seo ag obair i réimse leathan ról, mar aistritheoirí, léitheoirí profaí, eagarthóirí, dlítheangeolaithe, oifigigh Ghaeilge, múinteoirí agus léachtóirí, cuir i gcás. Tá poist bainte amach acu in institiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh, i ranna agus eagraíochtaí Stáit, i ngníomhaireachtaí aistriúcháin, i scoileanna agus ollscoileanna, sna meáin, agus i gcomhlachtaí foilsitheoireachta.



Aiseolas ó chéimithe an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht



Chuir mé spéis sa chúrsa an chéad lá riamh, mar cé go raibh mé ag obair mar aistritheoir, ní raibh aon cháilíocht ghairmiúil agam i léann an aistriúcháin. Lena chois sin, bhí mé ag iarraidh feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge le tamall. Chuidigh an cúrsa liom an dá sprioc sin a bhaint amach. Is iontach an léargas a thugtar sna léachtaí ar gach gné den aistriúchán. Déantar cur síos ar chineálacha éagsúla téacs agus tugtar treoir conas dul i ngleic leo go héifeachtach. Sin ráite, is cúrsa praiticiúil é agus is iad na cleachtaí seachtainiúla a iarrtar ar na mic léinn a dhéanamh an chuid is luachmhaire de. Bhí deis againn tabhairt faoi gach aon seánra, téacsanna reachtaíochta, tuarascálacha, bileoga eolais, fógraí agus saothair litríochta ina measc. Gach uair, fuair muid aiseolas cuimsitheach ón teagascóir, idir cheartúcháin agus mholtaí spreagúla le go bhféadfadh muid barr feabhais a chur ar ár gcuid scríbhneoireachta. D'fhoghlaim muid bunscileanna téarmaíochta agus conas eagarthóireacht a dhéanamh ar aistriúchán. Go deimhin, ba dheacair ullmhúchán ní b'fhearr a shamhlú le dul ag obair mar aistritheoir gairmiúil. Molaim go mór é!

More details
  • Qualification letters

    PG Dip

  • Qualifications

    Postgraduate Diploma (Level 9 NFQ)

  • Attendance type

    Part time

  • Apply to

    Course provider