Translating & Editing - Aistriúchán Agus San Eagarthóireacht - Ar Líne

Cúlra

De bhrí go bhfuil ardú stádais bainte amach ag an nGaeilge in Éirinn agus san Eoraip le roinnt blianta anuas, tá méadú tagtha ar an éileamh atá ar dhaoine a bhfuil ardscileanna teanga acu sa Ghaeilge. Cuireadh an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht ar bun sa bhliain 2007 le freastal ar an éileamh sin, agus tá idir rath agus ráchairt air ó shin i leith.

Cé go bhfuil an clár dírithe go príomha ar dhaoine atá ag obair mar aistritheoirí cheana féin agus ar dhaoine a bhfuil sé i gceist acu dul ag obair san earnáil sin, rachadh sé chun sochair freisin do dhaoine a bhíonn ag obair trí Ghaeilge in earnáil ar bith agus ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga.

Is cúrsa ar líne é an Dioplóma Iarchéime/MA san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht, rud a fhágann gur féidir le mic léinn ó gach cearn den domhan tabhairt faoi. Agus de bhrí gur cúrsa páirtaimseartha é, beidh rannpháirtithe in ann freastal air in ainneoin cúraimí eile oibre nó teaghlaigh a bheith orthu.

Cáilíocht: Dioplóma Iarchéime / MA

Is cúrsa páirtaimseartha thar dhá bhliain é an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht, agus bronnfar Dioplóma Iarchéime orthu siúd a bhainfidh an pasmharc de 60% amach ag deireadh an chúrsa. Tabharfar deis do na mic léinn sin a bhainfidh 65% nó os a chionn amach sa Dioplóma Iarchéime tráchtas a scríobh agus MA a bhaint amach. Is idir mí Mheán Fómhair agus mí Lúnasa, tar éis dóibh an Dioplóma Iarchéime a chríochnú, a bheidís ag gabháil don chéim bhreise sin.

Scoláireachtaí agus duaiseanna

Bronnfar scoláireachtaí ar fiú táillí iomlána an chúrsa iad ar an mbeirt is fearr a chruthóidh sa scrúdú iontrála. Ní chuirfear san áireamh ach na hiarrthóirí a thugann faoin bpríomhscrúdú iontrála (Iúil 2021) agus na scoláireachtaí á mbronnadh; má chailleann iarrthóir an príomhscrúdú iontrála sin, seans go dtabharfar deis dó an scrúdú iontrála a dhéanamh ar dháta eile chun áit a ghnóthú ar an gcúrsa, ach ní bheidh sé i dteideal ceann de na scoláireachtaí, fiú má ghnóthaíonn sé ceann de na marcanna is airde sa scrúdú sin.

Bronntar Duais Uí Dhoibhlin i Léann an Aistriúcháin ar an mac léinn a ghnóthaíonn an marc is airde sa Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht.

Poist in Institiúidí an Aontais Eorpaigh

Tá tuilleadh eolais faoi chomórtais i gcomhair post in institiúidí an Aontais Eorpaigh ar fáil ar leathanach Facebook an Dioplóma Iarchéime / MA san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (Ar Líne).

Subjects taught

Fad an chúrsa

Is cúrsa páirtaimseartha thar dhá bhliain é an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (ar líne).

Tabharfar deis do na mic léinn sin a bhainfidh an caighdeán cuí amach sa Dioplóma Iarchéime (65% nó os a chionn) MA a bhaint amach. Is idir mí Mheán Fómhair agus mí Lúnasa, tar éis dóibh an Dioplóma Iarchéime a chríochnú, a bheidís ag gabháil don chéim bhreise sin. Tá líon na n-áiteanna ar an gclár MA teoranta.

Modh teagaisc

Is cúrsa ar líne é an Dioplóma Iarchéime/MA san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht. Foilsítear ábhar an chúrsa ar an ardán ríomhfhoghlama Moodle, agus is féidir leis na mic léinn staidéar a dhéanamh ar na nótaí agus tabhairt faoi na cleachtaí ag am a oireann dóibh féin. Cuireann an teagascóir aiseolas an-mhion ar fáil i gcás gach cleachtaidh. Reáchtáiltear ranganna beo ar líne mar thacaíocht bhreise, agus cuirtear taifeadadh ar fáil de na ranganna sin dóibh siúd nach féídir leo freastal ar na ranganna. Reáchtáiltear seimineár lae uair sa bhliain le deis a thabhairt do na mic léinn scileanna praiticiúla a fhoghlaim, agus baintear leas as fóram plé chun teagmháil rialta agus díospóireacht a chothú idir an teagascóir agus na mic léinn.

Measúnú

Beidh scrúdú le déanamh i ngach modúl i mí na Bealtaine ar champas na hOllscoile i Maigh Nuad. Beidh mórthascanna le déanamh ag na mic léinn i gcaitheamh na bliana. Tá tuilleadh eolais faoi na scrúduithe agus faoi na mórthascanna sa chur síos ar na modúil éagsúla.

Is é 60% an pasmharc sa Dioplóma Iarchéime agus san MA araon. Ní thabharfar deis tráchtas a scríobh agus MA a bhaint amach ach do mhic léinn a gheobhaidh 65% nó os a chionn sa Dioplóma Iarchéime.

Cáilíocht
Is fiú 60 ECTS an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht agus is fiú 90 ECTS an MA. Tá an Dioplóma Iarchéime agus an MA araon ag leibhéal a naoi ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí.

Riachtanais fágála, Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) agus an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge

Agus iad ag ceadú maoiniú d'institiúidí faoin Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge, leag an tÚdarás um Ard-Oideachas agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta síos an coinníoll go mbeidh ar iarrthóirí a bheidh ag críochnú na gcúrsaí atá maoinithe faoin scéim sin in 2022 tabhairt faoi Scrúdú TEG Ardleibhéal 1 (C1) in 2022 nó a léiriú go bhfuair siad pas sa scrúdú sin in 2020 nó in 2021.

Beidh scrúdú TEG Ardleibhéal 1 (C1) i mí na Nollag 2022 (https://www.teg.ie/)

Tá gach eolas faoi na scrúduithe (siollabas, scrúduithe samplacha, ceisteanna coitianta) le fáil anseo.

Cé go bhfuil sé éigeantach tabhairt faoi Scrúdú Ardleibhéal 1 (C1), meabhraítear d'iarrthóirí gur fúthu féin atá sé an t-ullmhúchán cuí a dhéanamh, agus nach mbeidh aon tionchar ag na torthaí a gheobhaidh siad sa scrúdú sin ar an gcáilíocht a bhronnfaidh Ollscoil Mhá Nuad orthu.

Entry requirements

Riachtanais iontrála

1. Bunchéim (ní gá gur céim sa Ghaeilge a bheadh ann).

2. Pas i scrúdú iontrála teanga (gramadach, ceartúsáid na teanga, aistriúchán agus píosa scríbhneoireachta). Tá scrúdú samplach iontrála ar fáil ach cliceáil anseo thíos.

Scrúdú iontrála

3. Agallamh

Beidh an scrúdú iontrála ar siúl ar líne Dé hAoine, an 23 Iúil 2021.

Tábhachtach: Bronnfar scoláireachtaí ar fiú táillí iomlána an chúrsa iad ar an mbeirt is fearr a chruthóidh sa scrúdú iontrála. Ní chuirfear san áireamh ach na hiarrthóirí a thugann faoin bpríomhscrúdú iontrála (23 Iúil 2021) agus na scoláireachtaí á mbronnadh; má chailleann iarrthóir an príomhscrúdú iontrála sin, seans go dtabharfar deis dó an scrúdú iontrála a dhéanamh ar dháta eile chun áit a ghnóthú ar an gcúrsa, ach ní bheidh sé i dteideal ceann de na scoláireachtaí, fiú má ghnóthaíonn sé ceann de na marcanna is airde sa scrúdú sin.

Application dates

Closing Date : 30 June 2023

Duration

Cúrsa páirtaimseartha ar líne thar dhá bhliain
2 years

Fees

In general, there are two levels of fees payable. EU students from EU countries including Ireland pay a subsidised level of fees for both taught courses and research programmes. Tuition fees for students from outside the EU are not subsidised and are thus somewhat higher than for EU students.

Post Course Info

Cé go bhfuil an clár dírithe go príomha ar dhaoine ar mian leo a bheith ag obair mar aistritheoirí agus mar eagarthóirí, agus ar dhaoine atá ag obair sna hearnálacha sin cheana féin, rachadh sé chun sochair freisin do dhaoine a bhíonn ag obair trí Ghaeilge in earnáil ar bith agus ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga.

Tá céimithe de chuid an chúrsa seo ag obair i réimse leathan ról – mar aistritheoirí, léitheoirí profaí, eagarthóirí, dlítheangeolaithe, oifigigh Ghaeilge, múinteoirí agus léachtóirí, cuir i gcás. Tá poist bainte amach acu in institiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh, i ranna agus eagraíochtaí Stáit, i gníomhaireachtaí aistriúcháin, i scoileanna agus ollscoileanna, sna meáin, agus i gcomhlachtaí foilsitheoireachta.

More details
  • Qualification letters

    PG Dip

  • Qualifications

    Postgraduate Diploma (Level 9 NFQ)

  • Attendance type

    Part time

  • Apply to

    PAC