Translating & Editing - Aistriúchán & Eagarthóireacht - Ar Líne

Tá an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (Ar Líne) á reáchtáil ag Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad ó bhí 2007 ann. Le freastal ar éileamh ó iarrthóirí, ó chéimithe agus ó fhostóirí in earnáil an aistriúcháin agus na heagarthóireachta, rinneadh cinneadh in 2016 deis a thabhairt do mhic léinn a bhainfidh 65% nó os a chionn amach sa Dioplóma Iarchéime tráchtas a scríobh agus MA a bhaint amach.



Is idir Meán Fómhair agus Lúnasa, tar éis dóibh an Dioplóma Iarchéime a chríochnú, a bheidís ag gabháil don chéim bhreise sin. Glacfar le hiarratais ó mhic léinn reatha agus ó chéimithe de chuid an Dioplóma Iarchéime araon. Tá líon na n-áiteanna teoranta.



Tabhair faoi deara go bhfuil an MA oscailte do chéimithe an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht amháin.



Más céimí de chuid an Dioplóma Iarchéime thú, cuir ríomhphost chuig Mairin.NicConIomaire@mu.ie chun do spéis sa MA a chur in iúl.



Osclófar an córas iarratais i mí an Mheithimh 2026 agus is é an spriocdháta d'iarratais ná 31 Iúil 2026: https://maynoothuniversityie.elluciancrmrecruit.com/Apply/

Subjects taught

Course Structure

Struchtúr an MA san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (Ar Líne)

Modúil an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht,

Entry requirements

Riachtanais iontrála

Ar a laghad 65% sa Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (ar líne).

Application dates

Closing Date : 31 July 2026

Duration

2 years part-time

Dhá bhliain

Enrolment dates

Dáta tosaithe: Meán Fómhair

Post Course Info

Cé go bhfuil an clár dírithe go príomha ar dhaoine ar mian leo a bheith ag obair mar aistritheoirí agus mar eagarthóirí, agus ar dhaoine atá ag obair sna hearnálacha sin cheana féin, rachadh sé chun sochair freisin do dhaoine a bhíonn ag obair trí Ghaeilge in earnáil ar bith agus ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga.



Tá céimithe de chuid an chúrsa seo ag obair i réimse leathan áiteanna – in institiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh, cuir i gcás, i ranna agus eagraíochtaí Stáit, i scoileanna agus ollscoileanna, sna meáin, agus i gcomhlachtaí aistriúcháin agus ateangaireachta.



Aiseolas ó chéimithe an Dioplóma Iarchéime/MA san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (ar líne)



Bhain mé sult agus tairbhe as an Dioplóma Iarchéime. Na buanna is mó atá ag an gcúrsa dar liom ná gur féidir dul dó go páirtaimseartha agus gur féidir a bheith lonnaithe in áit ar bith. Tá na léachtaí suimiúil agus cuimsítear réimse leathan ábhar iontu. Fuaireas tuiscint mhaith ar cheird agus ar ealaín an aistriúcháin. Fuaireas aiseolas rialta mionsonraithe a chabhraigh go mór liom. Chuir an cúrsa go mór le mo thuiscint ar an nGaeilge, go háirithe gnéithe den teanga nach ndírítear orthu in áiteanna eile. Is fearr i bhfad mo thuiscint ar stíl, ar dhul na Gaeilge, agus ar an ngá a bheith intuigthe agus soiléir, leis. Tá an téarmaíocht theicniúil agam an t-ábhar a phlé, leis. Chuir an cúrsa seo ar mo chumas cinntí dlisteanacha a dhéanamh i gcásanna a bhfuil doiléire nó flúirse roghanna ann sa Ghaeilge. Molaim é.



Thug scríobh an tráchtais deis dom díriú go mion ar ábhar a raibh an-suim agam ann agus cuireadh gach tacaíocht ar fáil dom le linn na hoibre. Tugadh moltaí iomadúla i leith an ábhair, éilíodh caighdeán ard agus tugadh cabhair dom é sin a bhaint amach."

More details
  • Qualification letters

    MA

  • Qualifications

    Degree - Masters (Level 9 NFQ)

  • Attendance type

    Part time

  • Apply to

    Course provider