Tréimhsí oiliúna ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Mar chéimí dlí, tá an deis agat clár oiliúna a dhéanamh le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, institiúid bhreithiúnach an Aontais Eorpaigh, lena ráthaítear urramú dhlí an Aontais do 450 milliún saoránach. Tabharfar leis an gclár seo deis duit d’oiliúint a shaibhriú, ach freisin cur le gníomhaíochtaí na Cúirte, i gcomhthéacs spreagúil, Eorpach agus ilteangach. Buailfidh tú le hoiliúnaithe is céimithe óga eile nó le breithiúna a bhfuil comhluachanna an Aontais acu, bunaithe ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar urraim do chearta bunúsacha.
Is é is aidhm don tréimhse oiliúna ná an t-oiliúnaí a oiliúint i ngníomhaíochtaí na hinstitiúide agus chun cúraimí a chur i gcrích chun leasa na hinstitiúide.
Cuirtear líon teoranta tréimhsí oiliúna ar fáil, timpeall 200 in aghaidh na bliana. Féadfaidh siad a bheith i ndlísheomraí na gComhaltaí (Breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta), ar feadh tréimhse 3 go 5 mhí, nó i seirbhísí na hinstitiúide, ar feadh tréimhse 5 mhí.
I seirbhísí na hinstitiúide a ghlacann le hoiliúnaithe, bíonn an deis ag na hoiliúnaithe sin na feidhmeanna sonracha a dhéantar ansin a fháil amach agus an t-eolas a fuarthas le linn a gcuid staidéir a chur i bhfeidhm. Glacann siad páirt ghníomhach i gcur i gcrích na dtascanna a shanntar dóibh sa chomhthéacs sin, faoi mhaoirseacht oifigeach a bhfuil taithí acu.
Tá tréimhsí oiliúna seirbhíse i ranna riaracháin na Cúirte oscailte do chéimithe in aon réimse staidéir – i roinnt ranna, d’fhéadfadh go mbeadh céim i réimse ar leith, is é sin an dlí, ag teastáil.
Is iad seo a leanas na seirbhísí a ghlacann le hoiliúnaithe:
- An Stiúrthóireacht um Acmhainní Daonna
- An Stiúrthóireacht um Ghnóthaí Airgeadais agus Buiséad
- Stiúrthóireacht an Ilteangachais (aistriúchán dlíthiúil agus ateangaireacht) Aonad na Gaeilge agus Aonad an Bhéarla san áireamh.
- Stiúrthóireacht na Leabharlainne
- An Stiúrthóireacht um Thaighde agus um Dhoiciméadú
- An tAonad um Thionscadail agus Comhordú Téarmaíochta
- An Stiúrthóireacht um Prótacal agus Cuairteanna
- Stiúrthóireacht na Cumarsáide
- An Comhairleoir Dlí um Ghnóthaí Riaracháin
- Clárlann Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh
Riachtanais iontrála
- A bheith ina náisiúnach de Bhallstát den Aontas Eorpach, mura bhfuil maolú cuí-réasúnaithe ann.
- Ní mór d’iarrthóirí céim iomlán ollscoile sa dlí, san eolaíocht pholaitiúil, san eacnamaíocht nó i réimse gaolmhar, as a leanann céim (nó, go heisceachtúil, cáilíocht choibhéiseach).
- Sáreolas a bheith ag iarrthóirí ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus eolas maith ar theanga oifigiúil eile. Ar chúiseanna seirbhíse, tá sé inmhianaithe eolas maith a bheith ag iarrthóirí ar an bhFraincis.
- Gan tréimhse oiliúna (íoctha nó neamhíoctha) a bheith déanta ag iarrthóirí cheana féin in institiúid nó comhlacht eile de chuid an Aontais Eorpaigh.
Related jobs

Graduate Management Trainee - Kilkenny
Kilkenny

Graduate Management Trainee - Kildare
Kildare

Graduate Management Trainee - Cork
Cork

Graduate Management Trainee - Sligo
Sligo