Gaeilge
Déanfaidh tú scileanna luachmhara a shealbhú agus a fhorbairt, ar féidir iad a chur i bhfeidhm i réimse leathan comhthéacsanna agus postanna; scileanna taighde, teanga, agus anailíse ina measc. Beidh deis agat ar scileanna cumarsáide agus scileanna aistriúcháin a fhorbairt in obair tionscnaimh freisin, agus rogha agat tabhairt faoi thréimhse taithí oibre chun cur leis na deiseanna fostaíochta tar éis na céime. Anuas air sin ar fad, beidh rogha agat tráchtas a scríobh sa scríbhneoireacht chruthaitheach.Is féidir tabhairt faoin MA go lánaimseartha ar feadh bliana nó go páirtaimseartha ar feadh dhá bhliain.
Subjects taught
Clár an Chúrsa Lánaimseartha:
Fómhar:
• Ard-Scileanna Teanga I
• An Ghaeilge Chlasaiceach & Léann na Lámhscríbhinní
• An Nua-Litríocht
• Scileanna Cumarsáide
Earrach:
• Ard-Scileanna Teanga II
• An Ghaeilge agus an Béarla sa 19ú/20ú haois
• An Béaloideas & an Eitneagrafaíocht
• Scileanna Aistriúcháin
Samhradh
• *Rogha 1: Taithí Oibre & Miontráchtas
• *Rogha 2: Tráchtas
*Ba cheart do mhic léinn rogha amháin as an dá rogha seo a bheith acu sa Samhradh.
Beidh deis ann imeacht ón gclár MA agus Dioplóma ag duine (in ionad MA) (60 creidiúint; gan 30 creidiúint an tSamhraidh).
Clár an Chúrsa Pháirtaimseartha:
Bliain 1:
Fómhar:
• Ard-Scileanna Teanga I
• An Ghaeilge Chlasaiceach & Léann na Lámhscríbhinní
• Scileanna Cumarsáide
Earrach:
• An Ghaeilge agus an Béarla sa 19ú/20ú haois
• An Béaloideas & an Eitneagrafaíocht
Bliain 2:
Fómhar:
• An Nua-Litríocht
Earrach:
• Ard-Scileanna Teanga II
• Scileanna Aistriúcháin
Samhradh:
• *Rogha 1: Tráchtas & Taithí Oibre
• *Rogha 2: Tráchtas
* Beidh obair ar an tráchtas mar chuid lárnach den dara bliain.
*Ba cheart do mhic léinn rogha amháin as an dá rogha seo a bheith acu sa Samhradh. Is féidir rogha a dhéanamh tabhairt faoi GA6133 i Samhradh Bhliain 1 a fhad is nach ndéanfar an modúl ach aon bhliain amháin.
Entry requirements
Onóracha den dara grad (2:2) i mbunchéim sa Ghaeilge nó i réimse gaolmhar (m. sh. an Stair, Teangacha, ábhair eile sna daonnachtaí), nó cáilíocht aitheanta (Bunchéim: Leibhéal 8 de réir Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann).*
Caighdeán B2.2 sa Ghaeilge de réir Chomhchreat Eorpach na dTeangacha.*
*Mura mbeidh bunchéim ag duine in ábhar gaolmhar, nó cruthúnas ar an leibhéal teanga, is féidir cur isteach ar an MA go fóill ach dul faoi agallamh ar dtús le fáil amach an bhfuil leibhéal cumais ag an iarrathóir chun tabhairt faoin gcúrsa.
Le cur isteach ar an gcúrsa, ba cheart an t-eolas thíos a chur ar fáil leis an iarratas:
Tras-scríbhinní ollscoile agus cáilíochtaí
Fianaise ar leibhéal B2.2 sa Ghaeilge
Cóip den teastas breithe nó den phas
Teistiméireacht
Application dates
How to apply:
1. Choose your programme.
2. Check closing date for the programme.
3. Apply online at www.ul.ie
4. Have your supporting documentation ready to upload.
5. Pay the application fee (€35 online / €40 bank draft or cheque).
6. Submit your application.
Le cur isteach ar an gcúrsa, ba cheart an t-eolas thíos a chur ar fáil leis an iarratas:
- Tras-scríbhinní ollscoile agus cáilíochtaí
- Fianaise ar leibhéal B2.2 sa Ghaeilge
- Teistiméireach
- Cóip den teastas breithe nó den phas
Duration
1 Bliain (Lánaimseartha)/2 Bhliain (Páirtaimseartha).