Clár Intéirneachta TF

9 days to apply
Apply by: 02/12/2026
Start date: 01/01/2027
Internship
In Person

Sectors

Technology
Information services
Software engineering

Locations

Dublin

Tá Roinn TF & T Ghrúpa CIÉ ag lorg Céimí díograiseach TF, nó duine atá ar tí a chuid nó a cuid staidéir theicniúil ag leibhéal céime a chríochnú, chun dul isteach ina roinn ar chlár intéirneachta 6 mhí dar tús Eanáir 2027.

Deis spreagúil is ea í seo chun dul isteach i dtimpeallacht oibre dhinimiciúil chuimsitheach ina bhfaighidh tú eolas agus saineolas tairbheach chun do ghairmréim san Earnáil TF a chur chun cinn.

Má tá an ‘meon dearfach réitigh’ sin agat agus más mian leat a bheith mar chuid de roinn TF ilghnéitheach atá ag méadú, is í seo an deis fhoirfe duitse. Ní hamháin go dtabharfar deis duit leis an intéirneacht seo cur le do ghairmréim trí oiliúint agus trí fhorbairt, ach gheobhaidh tú meantóireacht duine le duine freisin, chun na scileanna a theastaíonn uait le dul chun cinn a dhéanamh i do ghairmréim san earnáil a thabhairt duit.

Agus an clár a chríochnú agat, tá fáilte romhat cur isteach ar aon fholúntais ábhartha laistigh de roinn TF CIÉ.

Más mian leat cur isteach ar an bpost seo, seol do CV agus litir chumhdaigh chuig.

undefined background image

We've got you

Get the latest jobs, internships, careers advice, courses and graduate events based on what's important to you. Start connecting directly with top employers today.