EirGrid

Cuntasóir faoi Oiliúint/Trainee Accountant

Expired
Applications closed: 06.03.2025.

Graduate job

Job Details

Tá Grúpa EirGrid ar thús cadhnaíochta sa nuálaíocht i dtionscal an fhuinnimh, rud a chumasaíonn an t-aistriú i dtreo todhchaí chliste ísealcharbóin atá cumasaithe ag an teicneolaíocht.  Tá ról ríthábhachtach ag an ngrúpa trí fhorbairt agus oibriú sábháilte na heangaí tarchurtha leictreachais in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann (trína úinéireacht ar SONI i.e. Oibreoir Córais Thuaisceart Éireann). Tugann an eangach tarchuir cumhacht ón áit a ngintear í go dtí an áit a bhfuil gá léi, ag soláthar do chustaiméirí móra tionsclaíocha agus do na líonraí dáileacháin, rud a sholáthraíonn tithe, feirmeacha agus gnólachtaí ar fud an oileáin. Oibríonn an grúpa freisin an Margadh Leictreachais Aonair mórdhíola (SEM) agus Idirnascaire an Iarthair Thoir, nasc ardvoltais idir Éire agus an Bhreatain Mhór.

Cuspóir an Róil
Tá an Rannóg Airgeadais freagrach as soláthar eolais thráthúil agus léargasaigh airgeadais don Bhord, don Fheidhmeannas agus don Bhainistíocht. Tá sí freagrach chomh maith as forbairt leanúnach nósanna imeachta rialála agus chóras eolais airgeadais inmheánach an chomhlachta chun riachtanais rialála agus reachtúla a chomhlíonadh. Tá cur chuige tábhachtach comhpháirtíochta gnó ag an Rannóg Airgeadais ar fud na Stiúrthóireachtaí Feidhmeannacha ar fad sa Ghrúpa chun tacú le seachadadh chuspóirí straitéiseacha EirGrid agus iad a chumasú.

Tá EirGrid ag iarraidh céimithe a fhostú faoi láthair ar mian leo tabhairt faoi cháilíocht ACA/ACCA. Oibreoidh iarrthóirí rathúla leis na foirne éagsúla i réimse an Airgeadais agus gheobhaidh siad taithí ar na gnéithe ar fad a bhaineann le feidhm ghnóthach atá ag dul i méid, ag pointe cinniúnach agus spreagúil i saol na heagraíochta.  Deis iontach í seo a bheith mar chuid de sin. Cuirfear tacaíocht ar fáil do chuntasóirí faoi oiliúint chun tabhairt faoi scrúduithe ACA/ACCA, mar shampla saoire staidéir agus táillí cúrsa, agus rachaidh timpeallacht thacúil oibre agus treoir ó mheantóir ar chuntasóir cáilithe é/í chun tairbhe duit freisin.
Tabharfar an deis d’iarrthóirí rathúla taithí a fháil ar chuid de na réimsí seo a leanas taobh istigh dár bhfeidhm Airgeadais;
 

  • Tuairisciú reachtúil
  • Comhpháirtíocht Ghnó Airgeadais
  • Cuntasaíocht Theicniúil
  • Rialú Oibríochtaí Airgeadais
  • Rialú Airgeadais Grúpaí
  • Cistíocht
  • Cáin
  • Bainistíocht Tráchtála


Saineolas, Scileanna agus Taithí
Riachtanach

  • Céim onóracha 2:1 ar a laghad sa Ghnó, sa Chuntasaíocht & Airgeadais nó i gcúrsa comhchosúil.
  • Uaillmhian agus tiomantas chun dul i mbun staidéir agus cáilíocht ACA/ACCA a bhaint amach.
  • Duine spreagtha le sárscileanna cumarsáide scríofa agus ó bhéal.
  • Scileanna láidre eagrúcháin phearsanta agus bainistíochta oibre agus cumas tosaíochtaí a aithint sa chlár oibre.
  • Oilte in úsáid Microsoft Excel, PowerPoint agus Word


Inmhianaithe

  • Tá díolúintí ó chuid de scrúduithe ACA/ACCA thar a bheith inmhianaithe.
  • Bheadh taithí ar úsáid ERP ina bhuntáiste d’iarrthóirí.


Background

EirGrid Group is at the forefront of innovation in the energy industry, enabling the transition towards a low-carbon, technology-enabled smart future.  The group plays a critical role through the development and safe operation of the electricity transmission grid in Ireland and in Northern Ireland (through its ownership of SONI i.e. the System Operator for Northern Ireland). The transmission grid brings power from where it is generated to where it is needed, supplying large industrial customers and the distribution networks, which in turn supply homes, farms and businesses across the island. The group also operates the wholesale Single Electricity Market (SEM) and the East West Interconnector, a high voltage link between Ireland and Great Britain

Job Purpose
The Finance Department is responsible for the provision of timely and insightful financial information to the Board, Executive and Management. It also has responsibility for the ongoing development of the company’s internal control procedures and financial information system to fulfil regulatory and statutory requirements. The Finance Department provides a key business partnering approach across all of the Executive Directorates across the Group to support and enable delivery of EirGrid’s strategic objectives.

EirGrid are currently seeking to hire graduates who wish to pursue the ACA/ACCA qualification. Successful hires will work across the various team within Finance gaining exposure to all elements of a fast paced and growing finance function at a time when our future has never looked more exciting.  This is an incredible opportunity to be part of it. Support will be provided to trainees in pursing the ACA/ACCA exams with paid study leave and course fees and you will also benefit from a supportive working environment and the guidance of a mentor who is a qualified accountant.
Successful candidates will have the opportunity to gain exposure to some of the following areas within our Finance function;

  • Statutory reporting
  • Finance business partnering
  • Technical Accounting
  • Operations Financial Control
  • Group Financial Control
  • Treasury
  • Tax
  • Commercial Management


Knowledge, Skills, and Experience
Essential

  • A minimum of a 2:1 honours degree in Business, Accountancy & Finance or equivalent course
  • Ambition and commitment to study towards gaining ACA/ACCA qualification.
  • Highly motivated and possess excellent written and communication skills.
  • Strong personal organisational and time management skills and the ability to prioritise workload.
  • Proficiency in the use of Microsoft Excel, PowerPoint and Word


Desirable

  • Exemptions from some ACA/ACCA exams is highly desirable.
  • Previous experience of the use of an ERP would be advantageous.


Má cheapann tú go bhfuil na scileanna agus an taithí ábhartha agat don ról seo, iarrtar ort do CV agus litir chumhdaigh a uaslódáil. Ba bhreá linn scéala a fháil uait.

If you believe you have the skills and experience relevant for this position, please upload your CV and a cover letter. We want to hear from you.

Dáta deiridh d’iarratais/ Closing date for applications - 6th March 2025 

More Details

Apply by

06.03.2025

Locations

Dublin

undefined background image

We've got you

Get the latest jobs, internships, careers advice, courses and graduate events based on what's important to you. Start connecting directly with top employers today.