#GradStories Kate Ní Chonfhaola, Abhcóide (Barrister)

Last updated: 22 Jun 2023, 13:20

Professional headshot of Kate Ní Chonfhaola, a barrister, against a blurred background.

Oideachas:

BCL Dlí Sibhialta, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; Máistreacht Dlí Idirnáisiúnta, Ollscoil Dhún Éideann; Céim Abhcóide, Óstaí an Rí / King’s Inn; Ard-Dioplóma sa Dlíchleachtadh trí Ghaeilge, Óstaí an Rí / King’s Inns

Fostaí:

Féinfhostaithe

Post:

Abhcóide

Fuair mé mo phost mar abhcóide mar go ndearna mé cúrsa bliana in Óstaí an Rí tar éis dom céim a dhéanamh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh sa Dlí. I ndiaidh an chúrsa bliana sin, is féidir leat tosú láithreach mar abhcóide ach dhá bhliain a chaitheamh le habhcóide eile le taithí a fháil ar an bpost.

Braitheann gnáthsheachtain oibre ar an obair atá ar siúl agat mar abhcóide; má tá tú ag obair faoin tuath bíonn ort a bheith ag taisteal ó áit go háit ag freastal ar na cúirteanna agus, má tá tú lonnaithe i mBaile Átha Cliath, caitheann tú an chuid is mó den am sna Ceithre Cúirteanna. Tá mise lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus caithim maidin nó dhó in aghaidh na seachtaine sa chúirt sna Ceithre Cúirteanna. Taobh amuigh de sin, bím ag scríobh litreacha nó ag cur comhairle ar chliaint.

Tá go leor scileanna éagsúla ag teastáil le bheith i d’abhcóide agus má tá na scileanna sin agat, tá tú in ann iad a úsáid ar bhealaí éagsúla, ag brath ar an obair atá á déanamh agat. Ach, ní cheapfainn gur chóir duit smaoineamh ar bheith i d’abhcóide mura bhfuil tú in ann déileáil le brú agus a bheith in ann maireachtáil ar easpa airgid ar feadh cúpla bliain. Rud tábhachtach eile ná go mbeifeá in ann cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le daoine.

Tá go leor rudaí a thaitníonn liom faoi mo phost ach ceann de na rudaí is fearr ná go mbíonn tú ag obair duit féin agus tá go leor buntáistí ag baint leis sin. Mar shampla, tar éis duit cáin a íoc, is féidir leat an chuid eile den táille a íocadh leat as obair a dhéanamh a choimeád. Chomh maith leis sin, is fút féin atá sé saoire a ghlacadh agus ní bhíonn ort cead a lorg ón aon duine eile. Ach, ar ndóigh, tá go leor féinsmachta ag baint leis an ngairm freisin.

gradireland editorial advice

This describes editorially independent and impartial content, which has been written and edited by the gradireland content team. Any external contributors featuring in the article are in line with our non-advertorial policy, by which we mean that we do not promote one organisation over another.

People reading this also searched for roles in these areas:

Related careers advice

undefined background image

We've got you

Get the latest jobs, internships, careers advice, courses and graduate events based on what's important to you. Start connecting directly with top employers today.