Seán Ó Baoill, Físiriseoir, Aisteoir (Video Journalist, Actor)

Oideachas:
BA Gaeilge & Tíreolaíocht, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; MA Scríobh & Cumarsáid na Gaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; Ard-Dioplóma, Cumarsáid Fheidhmeach, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Fostóir:
TG4, Meon Eile
Post:
Físiriseoir /Aisteoir
Is í an Ghaeilge mo theanga dhúchais ach níor shíl mé riamh go mbeadh an oiread buntáistí ag baint léi ó thaobh na hoibre de. Ó d’fhág mé an ollscoil tá oiread sin deiseanna faighte. Faoi láthair, táim ag obair go lánaimseartha mar fhísiriseoir leis an suíomh gréasáin Gaeilge Meon Eile. Chomh maith leis sin, is é seo mo thríú shéasúr ag aisteoireacht ar Ros na Rún, an sobaldráma Gaeilge ar TG4 mar Adam Ó Murchú.
Tá an oiread sin comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha ag soláthar cláracha Gaeilge do RTÉ, TG4 agus BBC Tuaisceart Éireann. Tá na hardáin ar líne ag fás an t-am ar fad lena n-áirítear Meon Eile, Tuairisc.ie agus Nós.ie agus mar sin, tá an oiread deiseanna ann le bheith ag obair leis na meáin Ghaeilge.
Caithfidh tú scileanna teicniúla agus eagarthóireachta físe a bheith agat le bheith i d’fhísiriseoir. Anuas orthu sin, tá an taobh iriseoireachta ann agus caithfidh tú a bheith fírinneach agus ionraic leis an lucht féachana nó léitheoireachta atá agat. Caithfidh tú a bheith in ann scéal a aimsiú agus a insint ar bhealach neodrach, a insíonn an dá thaobh den scéal. Fágann tú faoin lucht féachana ansin é a dtuairimí féin a fhorbairt faoin ábhar.
Is í an chomhairle is mó a bheadh agamsa do dhaoine a bhfuil spéis acu a bheith ina n-iriseoirí go bhfuil taithí chomh tábhachtach céanna le cúrsaí acadúla. Mholfainn teagmháil a dhéanamh le seomraí nuachta RTÉ agus TG4 agus le Meon Eile agus Tuairisc.ie le cur in iúl go bhfuil fonn ort taithí a fháil. Má tá tú dáiríre faoi agus sásta scileanna nua a fhoghlaim, beidh go leor deiseanna ar fáil duit.
Táimse ag aisteoireacht ó bhí mé i mo ghasúr óg agus bhí sé i gcónaí mar sprioc agam a bheith ag aisteoireacht ar Ros na Rún. Tá saol na haisteoireachta an-doiligh mar go mbeidh tú ag dul chuig oiread sin éisteachtaí. Beidh rólanna nach n-éireoidh leat a fháil agus beidh ort é sin a chur i leataobh agus díriú ar an chéad éisteacht eile. Is ceird í an aisteoireachta agus beidh tú i gcónaí ag foghlaim le máistreacht a chur ar an cheird sin.