Fás le Foras – Raidió na Life

Last updated: 26 Jul 2023, 15:40

An tseachtain seo, beidh stáisiún raidió lán-ghaelach faoi chaibidil sa bhlag seo. Is ceann de na stáisiúin raidió is ansa é le pobal na Gaeilge sa lá atá inniu ann ag cur nuacht, ceol agus siamsaíocht ar fáil le haghaidh beagnach 30 bhliain. Ionas léargas éifeachtach a thabhairt daoibh ar an eagraíocht seo, léigí thíos cur síos ó lucht Raidió na Life iad féin!

three people laughing

An tseachtain seo, beidh stáisiún raidió lán-ghaelach faoi chaibidil sa bhlag seo. Is ceann de na stáisiúin raidió is ansa é le pobal na Gaeilge sa lá atá inniu ann ag cur nuacht, ceol agus siamsaíocht ar fáil le haghaidh beagnach 30 bhliain. Ionas léargas éifeachtach a thabhairt daoibh ar an eagraíocht seo, léigí thíos cur síos ó lucht Raidió na Life iad féin!

Stair na heagraíochta:
Bunaíodh Raidió na Life sa bhliain 1993 agus tá sé ag craoladh ar fud mhórcheantar Bhaile Atha Cliath ó shin. Ag an am tháinig meithle le chéile agus fonn othu stáisiún raidió lán-ghaelach a thosú don cheantar. Dar ndóigh bhí maoiniú de dhíth orthu don thionscadal ullmhianach seo agus díoladh scaireanna i measc pobail na Gaeilge ar chostas £25 an ceann.

Aidhm na heagraíochta:
Stáisiún raidió pobail do phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath é Raidió na Life. Tá an stáisiún ag craoladh ar fud mhórcheantar Bhaile Átha Cliath ar bhonn neamhbhrabúsach, oideachasúil & pobail. Chomh maith le bheith ag craoladh ar mhinicíocht 106.4 FM, craolann RnaL ar líne freisin ag www.raidionalife.ie agus tá fáil orainn ar aipeanna cosúil leis An Seinnteoir Raidió, TuneIn, srl. Tá cuspóirí oideachasúla agus pobail ina gcodanna bunúsacha dár bhfealsúnacht chraolacháin, mar aon le féiniúlacht nua-aimseartha, bríomhar, fuinniúil, beoga agus spraíúil a chruthú den nGaeilge.

Cé chaoi a mbíonn an Ghaeilge á chur chun cinn agaibh?
Déanann an stáisiún comhtháthú idir lucht labhartha na Gaeilge i mBÁC agus, sa ré digiteach ina mairimid anois, Gaeilgeoirí ar fud na cruinne, eagrais Ghaeilge logánta is náisiúnta, daoine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge agus daoine a dtaitníonn réimsí éagsúla ceoil leo.

Bíonn daoine go mb’fhéidir nach mbeadh teagmháil rialta acu leis an nGaeilge, ach amháin an teagmháil sin a bhíonn acu léi trí éisteacht lenar stáisiúin. Trí chláir cheoil den chéad scoth a chraoladh - go háirithe cinn a chlúdaíonn seánraí ceoil nach gcloistear go ró-mhinic, nó in aon chor, ar stáisiúin raidió eile - cuirimid an Ghaeilge chun cinn i measc éisteoirí nach mbeadh aon teagmháil acu leis an nGaeilge. Cé gurb é ár bpríomhaidhm ná freastail ar phobal na Gaeilge féin, is cuid thánaisteach an-tábhachtach dár gcuid oibre is ea an dara gné seo agus an dea-thionchar a imrímid ar mhórphobal an Bhéarla i dtaca lena ndearcadh i leith na Gaeilge.

Déanann Raidió na Life cúram de réimse leathan spéise phobal na Gaeilge inár gcuid cláir, trí réimse leathan stíleanna agus ábhair chláir a sholáthar.
Tá ilchultúrachas ag baint le pobal an stáisiúin agus ilghnéitheacht ó thaobh réimse spéise, próifíl aoise, cumas sa Ghaeilge agus leibhéal rannpháirtíochta i gcur chun cinn na Gaeilge de. Tá Raidió na Life tiomanta chun a oiread cláir agus is féidir a sholáthar a fhreastalóidh ar an ilghnéitheacht seo i measc ár n-éisteoirí.

Cé chaoi a mbíonn an Foras á thacú libh?
Tá bunmhaoiniú á chur ar fáil ag an bhForas ar feadh na blianta, ó bunaíodh Scéim Raidió Pobail roimhe sin tríd seanchóras bunmhaoinithe an Fhorais. Ó bhunaíodh RnaL chuir Bord na Gaeilge/Foras na Gaeilge spás fisiciúil ar fáil dúinn i gceannáras Bhord na Gaeilge/Fhoras na Gaeilge agus tá an tacaíocht sin tugtha ag an bhForas dúinn ó shin i leith.

Céard atá i ndan don eagraíocht?
Tá sé mar sprioc againn Raidió na Life a fhorbairt mar an dara stáisiún raidió lán-Ghaeilge is mó in Éirinn. Is muid an t-aon stáisiún raidió lán-Ghaeilge a bhfuil ceadúnas aige le craoladh ar FM ó dheas cé is moite de RTÉ Raidió na Gaeltachta; tá an ceantar craolacháin oifigiúil is mó sa tír againn i ndiaidh RnaG agus tá na stiúideonna nua den chéad scoth againn i gCeannáras Fhoras na Gaeilge i Sráid Amiens, nach bhfuil a macasamhail le fáil in aon stáisiún raidió pobail eile sa dlínse. Tá an dea-cháil orainn agus an taithí de bheagnach tríocha bliain ag soláthar na seirbhíse seo.

Ba mhaith linn cur leis an méid atá á dhéanamh againn agus caighdeán na seirbhíse trí tuilleadh daoine a fhostú. Faoi láthair tá ceithre phost coibhéis lánaimseartha maoinithe ag FnaG sa stáisiún (Bainisteoir, Teicneoir, Clár Reachtaire agus Maor Deireadh Seachtaine/Oifigeach Forbartha & Oiliúna). Is léir go bhfuil gá le tuilleadh maoinithe sna blianta atá amach romhainn le gur féidir le RnaL líon foirne oiriúnach a fhostú, chun an stáisiún a thabhairt go dtí an chéad leibhéal eile.

Tá sé mar sprioc againn Raidió na Life a fhorbairt mar mhol léiriúcháin dhigitigh lán-Ghaeilge, ina mbeidh níos mó deiseanna ná mar a bhí riamh ar fáil do dhaoine óga le Gaeilge chun a gcuid scileanna léirithe digiteacha a fhorbairt agus le seirbhís raidió comhaimseartha lán-Ghaeilge den chéad ghrád a chur ar fáil.

Sonraí Teagmhála & Meáin Shóisialta:
Instagram: @raidionalife
Twitter : @raidionalife
Facebook: facebook.com/raidionalife
Suíomh: www.raidionalife.ie

An bhfaigheann d’eagraíocht deontas ó Fhoras na Gaeilge a chuidíonn leat an teanga a chur chun cinn? Bí i dteagmháil linn ag eolas@forasnagaeilge.ie le go mbeidh bhur scéal san áireamh againn sa tsraith nua #FásLeForas.

People reading this also searched for roles in these areas:

undefined background image

We've got you

Get the latest jobs, internships, careers advice, courses and graduate events based on what's important to you. Start connecting directly with top employers today.