Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?

Last updated: 25 Jan 2023, 13:33

Image for Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?

Bíonn a mbaill foirne ag athrú go rialta

Is iomaí naíonra atá ar an bhfód sa lá atá inniu ann ina bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga chumarsáide. Bíonn éagsúlacht fostaithe á lorg acu, idir chúntóirí, cheannairí ar sheomraí agus bhainisteoirí. Bíonn cáilaíocht i gCuram Leanaí de dhíth do fhormhór na ról.

Is ar bhonn reatha a bhíonn na naíonraí ag earcú, go háirithe ag tús na scoilbhliana aimsir an fhómhair.

Pléann siad le réimsí feasachta, cultúir agus oideachais

Is comhlacht poiblí é Foras na Gaeilge a thugann maoiniú do shé ceanneagríochta Gaeilge ar mhaithe leis an teanga a chur chun cinn fud fad oileán na hÉireann. Is iad Gael Linn , Conradh na Gaeilge , Oireachtas na Gaeilge , Cumann na bhFiann , Glór na nGael agus Gaeloideachas . Is mionmhinic go mbíonn na heagraíochtaí seo i mbun eacraíochta mar aon le Foras na Gaeilge é féin.

Toisc go gcuimsíonn siad réimse leathan oibre, braitheann na cineálacha post go mór ar cén eagraíocht atá i gceist. Ar ndóigh, tá ardchaighdeán Gaeilge de dhíth mas maith leat ról le ceann de na ceanneagraíochtaí a bhaint amach.

Tá éileamh ar dhaoine atá tiomanta d’oideachas trí Ghaeilge

Tá an-chuid gnóanna agus eagraíochtaí le Gaeilge in Éirinn i láthair na huaire a bhíonn ag plé le cúrsaí oideachais agus múinteoireachta. Go háirithe i gcás na n-ollscoileanna agus na ngrúpaí óige, bíonn tóir leanúnach ar dhaoine a bhfuil líofacht acu sa Ghaeilge.

Bíonn coláistí samhraidh ag earcú múinteoirí gach samhradh agus bíonn teagascóirí á lorg ag ollscoileanna ag tús gach seimeastar nua. Má tá bua agat sa mhúinteoireacht agus líofacht sa Ghaeilge, tá iliomad deiseanna amuigh ansin duit.

Glactar le haon iarratas do phost sa státseirbhís i mBéarla agus i nGaeilge

Is í an Státseirbhís an fostóir is mó in Éirinn. Faoi réir an dlí tá sé de dhualgas uirthu daoine le Gaeilge a earcú le seirbhísí stáit a chur ar fáil do chainteoirí na teanga. Fógraítear na poist sa státseirbhís uilig ar PublicJobs.ie , áit inar féidir eolas agus sonraí faoi fholúntais dá gcuid a fháil as Gaeilge.

Feictear ar líofacht sa Ghaeilge mar bhuntáiste agus tú ag cur isteach ar phost sa státseirbhís, agus tá plé sna meáin le déanaí go bhfuiltear ag iarraidh go mbeidh Gaeilge ag 20% do na fostaithe nua a thagann isteach sna blianta amach romhainn. Ar ndóigh, tá an-chuid eagraíochtaí stáit faoi réim na státseirbhíse, ag plé le réimsí oibre in earnálacha éagsúla. Caith súil ar na folúntais atá acu anseo , agus bí cinnte go luann tú do líofacht sa Ghaeilge ar d’’iarratas.

Bíonn na poist seo uilig lonnaithe sna Gaeltachtaí

Faoi láthair tá 26 Limistéir Pleanála Teanga fud fad na nGaeltachtaí in Éirinn. Sna limistéir seo bíonn coiste pleanála teanga i gceannas ar fheidhmiú agus ar ghníomhú an plean teanga atá leagtha síos don cheantar atá i gceist. Mar sin, bíonn fostaithe á lorg ag na coistí ar mhaithe leis an bplean a chur i bhfeidhm agus leis an nGaeilge a chur chun cinn sa cheantar trí chéile.

Is ar bhonn minice go mbíonn oifigigh pleanála teanga á lorg leis an obair thábhachtach seo a dhéanamh.

Ní comhlachtaí Éireannacha amháin a bhíonn sa tóir ar chainteoirí Gaeilge

Tá roinnt comhlachtaí príobháideacha in Éirinn a bhíonn i dteagmháil le muintir na Gaeltachta agus le daoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Bíonn cainteoirí na teanga ag teastáil ó chuid acu le freastal ar an gceatadán sin a bhíonn ag baint úsáid reatha as an nGaeilge. Is minic go ndéantar tagairt don Ghaeilge mar ‘bhuntáiste breise’ dóibh siúd a sheolann iarratas isteach, agus uaireanta bíonn an Ghaeilge ag teastáil más tionscanamh ar leith atá i gceist, leis an aistriúchán cuir i gcás.

Is fiú súil a chaitheamh orthu inniu – seans go mbeidh deis agat do chuid Gaeilge a úsáid agus a bheith ag obair le comhlacht mór idirnáisiúnta.

Foras Na Gaeilge

People reading this also searched for roles in these areas:

undefined background image

We've got you

Get the latest jobs, internships, careers advice, courses and graduate events based on what's important to you. Start connecting directly with top employers today.