Siún Ní Dhuinn, Comhordaitheoir Digiteach Gaeilge (Digital Coordinator)

Last updated: 22 Jun 2023, 13:20

Woman in a teal top speaking during an interview with her name and title in Irish displayed on screen.

Oideachas:

BA – Béarla & Gaeilge, An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath; MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Fostaí:

RTÉ

Post:

Comhordaitheoir Digiteach Gaeilge

Tá taithí oibre ilréimseach faighte agam go dtí seo i mo shaol. Thosaigh mé amach ag obair mar chúntóir teanglainne sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus chaith mé tréimhsí éagsúla ag obair leis an nGaeilge ó shin; mar léachtóir leis an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Ollscoil na hÉireann Má Nuad, mar chomhordaitheoir scéime le Conradh na Gaeilge, mar theagascóir le Gaelchultúr, mar ardoifigeach feidhmiúcháin le Foras na Gaeilge agus mar Oifigeach Gaeilge le hOllscoil na hÉireann, Má Nuad. Anois táim ag obair le RTÉ mar Comhordaitheoir Digiteach Gaeilge.

Chonaic mé fógra don phost mar Chomhordaitheoir Digiteach Gaeilge ar Twitter den chéad uair agus shíl mé go raibh spéis agam sa phost agus go raibh obair den chineál sin uaim – is maith liom a bheith ag plé leis na meáin agus le rudaí atá ar líne agus mar sin, chuir mé isteach air.

Lasmuigh de chúrsaí oibre tá baint agam le cúrsaí Gaeilge trí chéile agus táim ag plé le Gaeilge le tuairim is deich mbliana go gairmiúil. Ach níos mó ná sin, bím ag plé léi i mo shaol pearsanta agus is as sin a d’eascair mo shuíomh gréasáin féin, AsAnNua.com. Thosaigh mé an suíomh thart ar bhliain ó shin agus ó shin i leith tá sé ag dul ó neart go neart. Tá sé mar aidhm aige ábhar i nGaeilge agus i mBéarla a bhaineann leis an gcultúr agus na healaíona a chur fáil ar líne.

An chomhairle is fiúntaí a bheadh agam do dhuine óg a bhfuil spéis acu i mo réimse ná tosú áit éigin; tosaigh ar chúrsaí scríbhneoireachta nó tosaigh ag foilsiú i nGaeilge nó i mBéarla ar líne. Samhlaím go bhfuil deiseanna ann sa Ghaeilge nach bhfuil ann sa Bhéarla. Tá nicheanna ann nár tapaíodh i nGaeilge go dtí seo agus tá féidearthachtaí iontacha ann don Ghaeilge.

Bhí an Ghaeilge ina buntáiste iontach domsa. Murach í ní bheadh aon phost atá faighte agam go dtí seo faighte agam agus táim an-bhuíoch den Ghaeilge. Ceapaim go mbainfidh mé níos mó úsáide aisti as seo amach chomh maith.

gradireland editorial advice

This describes editorially independent and impartial content, which has been written and edited by the gradireland content team. Any external contributors featuring in the article are in line with our non-advertorial policy, by which we mean that we do not promote one organisation over another.

People reading this also searched for roles in these areas:

undefined background image

We've got you

Get the latest jobs, internships, careers advice, courses and graduate events based on what's important to you. Start connecting directly with top employers today.