Colm Ó hArgáin, Ardoifigeach Feidhmiúcháin (Higher Executive Officer) Foras na Gaeilge

Last updated: 22 Jun 2023, 13:20

Colm Ó hArgáin, Ardoifigeach Feidhmiúcháin Foras na Gaeilge, speaking in an interview setting.

Oideachas:

BA Cumarsáid, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath; MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Fostaí:

Foras na Gaeilge

Post:

Ardoifigeach Feidhmiúcháin

San ollscoil rinne mé BA sa Chumarsáid in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus MA i Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ina dhiaidh sin, fuair mé post mar léachtóir Gaeilge i gColáiste Oideachais Eaglais na hÉireann i Ráth Maonais ag cur oiliúint ar ábhair oidí. Chaith mé roinnt blianta ag léachtóireacht ansin agus bhí ranganna teagaisc á múineadh agam in institiúidí eile chomh maith. Anois táim ag obair le Foras na Gaeilge mar ardoifigeach feidhmiúcháin.

Is aoibhinn liom a bheith ag obair i dtimpeallacht Ghaelach, áit ar féidir Gaeilge a labhairt le do chomhleacaithe gach lá. Is breá liom an obair atá ar siúl agam faoi láthair ag taisteal na tíre ag obair le grúpaí pobail agus á ngríosadh le leas a bhaint as na scéimeanna maoinithe agus na tacaíochtaí eile a chuireann Foras na Gaeilge ar fáil. Is maith liom an ilghnéitheacht a bhaineann leis an obair agus tá go leor foghlamtha agam ó na réimsí éagsúla oibre a raibh mé ag plé leo ó thosaigh mé ag obair anseo.

Is ceoltóir mé chomh maith agus tá an-bhaint agam le Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Mar chuid de sin, ceapadh mé mar Oifigeach Gaeilge Chomhairle Laighean. Sa phost sin, bím ag plé le hOifigigh Ghaeilge sna contaethe éagsúla i gCúige Laighean agus leis na craobhacha éagsúla leis an nGaeilge a chur chun cinn i measc an aos óig.

Bhí an Ghaeilge ina buntáiste an-mhór dom go dtí seo. Nuair a d’fhág mé an ollscoil in 2008, ní raibh cúrsaí eacnamaíochta na tíre rómhaith ach caithfidh mé a rá nach raibh mé díomhaoin riamh agus gur bhain mé leas i gcónaí as an nGaeilge. Bhí mé ag teagasc ranganna oíche sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath chomh maith le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Ollscoil Mhá Nuad. Bhí mé ag obair sa mheánscoil, Coláiste Eoin, mar Mhúinteoir Riachtanas Speisialta ar feadh seal agus bím ag obair go fóill mar scrúdaitheoir le Teastas Eorpach na Gaeilge. Bhí mé i gcónaí in ann úsáid a bhaint as an nGaeilge sna réimsí éagsúla a raibh mé ag obair iontu. Ní féidir a shéanadh ach gur oscail an Ghaeilge neart doirse dom le blianta beaga anuas, chomh maith le saol sóisialta speisialta.

gradireland editorial advice

This describes editorially independent and impartial content, which has been written and edited by the gradireland content team. Any external contributors featuring in the article are in line with our non-advertorial policy, by which we mean that we do not promote one organisation over another.

People reading this also searched for roles in these areas:

undefined background image

We've got you

Get the latest jobs, internships, careers advice, courses and graduate events based on what's important to you. Start connecting directly with top employers today.